Is mór an cuidiú é do do leanbh má labhraíonn tú leis nó léi ó lá a mbeirthe.
Taobh istigh de noiméid ón uair a bheirtear linbh, bíonn siad ag féachaint thart ar lorg aghaidheanna. Scrúdóidh siad gach a fheiceann siad. Bí ag bogadh do bhéal go mall agus cuir do theanga amach.
A luaithe agus a bheirtear an leanbh aithneoidh sé do ghlór. Bíonn siad ag éisteacht lom láithreach mar sin, lean leat ag caint leo.
Beirtear paistí le raon leathan mothúchán. Lonnraíonn a n-aghaidheanna le pléasúr.
Beidh a gcuid meatáin á bhforbairt gan mhoill agus bíonn cumas acu mionghaire mór a dhéanamh go luath.
Cé nach mbíonn cumas cainte ag páistí go dtí go mbíonn siad timpeall bliain d’aois, ní ionann sin is a rá nach bhfuil fonn cainte orthu.
Nuair a bhíonn siad ag bogadh á mbéil, ba chóir do thuismitheoirí bheith ag caint leo, ag moladh an scéal atá á insint acu!
De réir agus rachaidh na seachtainí thart, beidh an leanbh ag féachaint ort ar feadh tréimhsí níos faide agus ag déanamh fuaimeanna dourdála agus ag corracú. Déan comhrá leo, ag déanamh fuaimeanna macasamhail a bhfuil á ndéanamh ag an pháiste féin.
Is dóigh iotach iad cluichí le comhrá a dhéanamh. Níl aon gá le bréagáin. Déan comháireamh ar bhairricíní an linbh nó bí ag ciogailt a chosa.
Bí ag ceol leis an leanbh – fiú muna bhfuil iontaobhas as do chumas amhránaíochta féin.
Cosúil le daoine fásta, ní bhíonn fonn mhaith ar linbh in amanna mar gheall ar ocras nó tuirse.
Bíodh meas agat ar riachtanais an linbh am ciúin a bheith aige.