Ról an tuismitheora sa phróiseas foghlaim cainte

 

Tá foghlaim na cainte ar cheann de na sileanna is tábhachtaí agus is casta a fhoghlaimíonn páistí.

Bíonn an cuma air go dtarlaíonn sé go nadúrtha ach bíonn ról nach beag ag tuismitheoirí sa phróiseas. Dá mhéid a labhraítear le páistí is mó an seans go mbeidh siad féin ina gcainteoirí maithe, lán mhuinín agus sásta leo féin.

Ba chóir bheith ag caint le páistí i rith an lae ar a bhfuil ar siúl agat, nuair a bhíonn tú á gcothú, á bhfolcadh, ag athrú an chluidín nó eile.

  • Bí ag caint faoi na rudaí a fheiceann tú ar do bhealach chuig na siopaí nó ag an ollmhargadh.
  • Bí ag caint faoi na rudaí a léiríonn an páiste féin suim iontu.
  • Bí ag féachaint ar an leanbh le linn duit bheith leo ag caint agus tabhair seans dóibh aisfhreagra a thabhairt ar do chomhrá.
  • Tabhair freagra ar bhreadráil an pháiste.
  • Luigh síos leis le labhair a léamh nó comhrá a dhéanamh faoi na pictiúir.
  • Bíodh spraoi agaibh le rannta agus dánta.

Nuair a éireoidh siad níos mó agus caint ag teacht chucu féin, éist leis an pháiste go cúramach agus tabhair seans dóibh críochnú dá bhfuil á rá acu.

Má deir siad rud go mícheart, déan é a athrá ar an mbealach ceart.

Bí ag amharc ar an teilifís le chéile le go mbeidh sibh ábalta comhrá a dhéanamh faoina tharlaíonn sna cláracha.