Tá foghlaim na cainte ar cheann de na scileanna is tábhachtaí agus is casta a fhoghlaimíonn páistí.

Bíonn an cuma air go dtarlaíonn sé go nadúrtha ach bíonn ról nach beag ag tuismitheoirí sa phróiseas.

Dá mhéid a labhraítear le páistí is mó an seans go mbeidh siad féin ina gcainteoirí maithe, lán mhuinín agus sásta leo féin.

Ba chóir bheith ag caint le pháistí i rith an lae, bíodh is go bhfuil tú á gcothú, á bhfolcadh nó ag athrú an chluidín.

Bí ag caint faoi na rudaí a fheiceann tú ar do bhealach chuig na siopaí nó ar turais eile. Bí ag caint faoi na rudaí a léiríonn an páiste féin suim iontu.

Bí ag féachaint ar an leanbh le linn duit bheith ag caint leo agus tabhair seans dóibh aisfhreagra a thabhairt ar do chomhrá.

Tabhair seans dóibh críochnú dá bhfuil á rá acu nuair a bhíonn siad fein ag caint leat.

Tabhair freagra ar bhreadráil an pháiste.

Luigh síos leis le leabhair a léamh nó comhrá a dhéanamh faoi na pictiúir.

Bíodh spraoi agaibh le rannta agus dánta.

Éist leis an pháiste go cúramach agus tabhair seans dóibh críochnú dá bhfuil á rá acu.

Má deir siad rud go mícheart, abair tú féin é an bealach ceart.

Bí ag amharc ar an teilifís le chéile le go mbeidh sibh ábalta comhrá a dhéanamh faoina tharlaíonn sna cláracha.