Nuair a bhíonn na páistí ar saoire don samhradh agus iad sona sásta go mbeidh seachtainí de shaoirse acu ó obair na scoile. Ach ní tréimhse sona sásta ó thus deireadh  é do gach duine.

Is cuma gur tú an duine is séimhe ar an domhain.

Is cuma gur duine thú a oibríonn fríd easaontas trí chomhrá is idirghabháil, tá de chumas ag páistí tréithe eile a thabhairt chun cinn ionainn uilig.

Samhlaigh lá báistí mar bhíonn againn le linn an tsamhraidh in Éirinn, páistí gafa sa teach agus droch-aimsir amuigh. Tuirse orthu.

Iad ag caoineamh, ag dul as smacht agus ag diúltú glacadh le treoir agus rialacha. Tá said do do chrá.

Cailleann tú do chuid foighne.

Ní féidir le héinne dushlán a thabhairt duit cosúil le do chuid páistí féin. Is féidir leo thú a bhriseadh. Mothaíonn tú do thaom feirge féin.

Ní maith le héinne íde béil a thabhairt dá gcuid páistí ach b’fhéidir gur rud normálta é.

Má éiríonn tú feargach, tá baol ann go ndaingeoidh sé in intinn na bpáistí go bhfuil tú ródhian orthu.

Níl fearg ar an réiteach amháin atá agat.

Ní gá screadaíl. Seo léideanna:

  • Ní gá éirí tógtha toisc go bhfuil an páiste tógtha;
  • Ná bíodh dallamulóg orainn, ná dóchas gan bunús orainn, ní bhíonn páistí foirfe céad faoin chéad den am;
  • Bíodh bealach agat le fanacht socair;
  • Má tá an páiste trí chéile lena fhearg nó a fhrustrachas féin, glac am le smaoineamh ar an réiteach;
  • Siúl ar shiúil ar feadh noiméad le do chuid smaointe féin a bhailiú;
  • Abair leis an bpáiste cad tá uait agus cén fáth go bhfuil sé uait. Coinnigh iad sa lúb; agus
  • Má tá rudaí rialta ann gur údár fadhbanna iad idir tú féin agus an páiste – cosúil le ithe dinnéar nó a chuid éadaí a chur orthu féin ar maidin – déan cluiche de na fadhbanna sin.