Is amhlaidh is fearr a n-éireoidh le páistí sa saol má tá féinmhuinín acu astu féin.
Bainfidh siad níos mó sult as an gcaidreamh a bheidh acu le daoine eile agus rachaidh siad chun cinn níos fearr i bpé bealach maireachtála a roghnóidh siad.
Cuideoidh féinmhuinín leo cairdeas nua a thógáil, cora casta an tsaoil an bhainistiú, agus dúshláin an tsaoil a shárú.
Bíonn gaol idir féinmhuinín agus an dóigh a mbímid ag bainistiú iompar ár bpáistí.
Is féidir le tuismitheoirí an féinmhuinín seo a chothú agus a láidriú:
- Ag fáil amach: Cruthaigh deiseanna do do pháistí taithí nua agus taithí difriúil a bheith acu.
- Grá: Inis do do pháiste go bhfuil grá agat dóibh go rialta. Déan mionghaire, tabhair póg agus croí isteach.
- Moladh: Mol an óige agus tiocfaidh sí. Déan cinnte go dtugtar cúig oiread níos mó moladh ná cáineadh.
- Ná déan comparáid: Is duine ann féin é gach páiste. Ná déan comparáid idir páiste amháin agus páistí eile. Má dhéantar a leithéid, fásfaidh an páiste aníos ag déanamh comparáid neamhfheabhrach idir iad féin agus páistí eile.
- Meancóga: Bíodh cead ag do pháistí meancóga a dhéanamh. Tabhair saoire dóibh smaoineamh dóibh féin agus freagracht a ghlacadh ar a ndéanann siad.
Ar ndóigh, is féidir le páistí bheith callánach, míshlachtmhar agus easumhal in amanna.
Tagann pointe nuair nach féidir leis an tuismitheoir glacadh le níos mó den míbhéasaíocht.
Cad é a ba chóir a dhéanamh mar sin?
Bí airdeallach ar cad é a spreagann drochiompar.
- Aird: Tarraig an aird s’acu ón rud nár mhaith leat go ndéanfaidh siad
- Am amach: Má tá an páiste mór go leor le go mbeadh tuiscint acu ar an difir idir maith agus dalba ba chóir córas am amach a chur i bhfeidhm. Cuir an páiste ina seomra ar feadh sceithimh le machnamh a dheanamh ar an scéal. Moltar noiméad am amach ina dhiaidh gach bliain d’aois an pháiste.
- Pribhléidí a bhaint: Nuair nach n-oibríonn am amach is féidir pribhléidí a bhaint cosúil le cead féachaint ar an chlár teilifíse is ansa leo, bréagáin a chur san áiléir ar feadh tréimhse nó airgead póca a chealadh.
- Sampla maith: Tá freagracht ort sampla maith a léiriú do do pháiste. Ná bíodh drochiompar ná droch dhearcadh ag an tuismitheoir. Bíodh dearcadh dearfach ar an saol in áit dearcadh diúltach.
- Comhrá: Déan comhrá leis an bpáiste faoina mhothúcháin le deis a thabhairt dó é féin agus a iompar a mhíniú.
Má láimhsítear droch iompar i mbealach a léiríonn meas ar an pháiste, is amhlaidh is mó a láidrófar a fhéinmhuinín.
Cuimhnímis:
Is amhlaidh is fearr a éireoidh le páistí sa saol má tá féinmhuinín acu astu féin.