Ní bhíonn sé furasta na páistí a chur a luí um Nollaig.

Nuair a bhíonn oíche Nollag ann, bíonn sceitimíní orthu agus iad ag dréim le bronntanais agus bréagáin nua.

Fós féin, is fiú fanacht dlís leis na gnách-amanna leapa ón uair go dtosóidh na laethanta saoire.

Má athraítear an t-am leapa, cuirfidh sé as do chlog an choirp agus cruthóidh sé deacrachtaí dóibh ag titim ina gcodladh sa leaba mar is iondúil.

Pé rud faoi gnách-amanna leapa, ba chóir a mhúscailt luath go leor sna laethta roimh an Nollaig. Coinnigh iad gnóthach le linn an lae.

Má tá sibh amuigh, ná bí ag teacht abhaile rómhall má tá baol ann go dtitfeadh páistí óga ina gcodladh sa charr.

Cuidíonn tréimhse taobh amuigh san aer úr le linn an lae oíche Nollag le tuirse a chur orthu an oíche sin.

Caitear níos mó fuinnimh agus daoine amuigh. Cuidíonn an t-aer úr linn seraton a chruthú, rud a chuireann áthas agus suaimhneas orainn.

Mar sin, imigí libh ag siúl sa pháirc nó am a chaitheamh sa ghairdín. Má tá droch-aimsir ann cuidíonn cuairt ar an linn snámha tráthnóna.

Fan dílis legnáthamh san oíche agus beidh sé níos fusa dóibh dul a chodladh.

Bíodh comhrá ann le linn an  tráthnóna faoi am leapa le nach dtiocfadih sé aniar aduaidh ar na páistí.

Seachain bia siúcrach.

Déan cinnte nach mbíonn brioscaí is milseáin ina luí thart á mealladh san oíche.

Is fiú suipéar pleanáilte a bheith ann uair a chloig nó mar sin de sula rachaidh siad a luí.

Roghnaigh bia slaintiúil, tósta lánghráin nó cracker nó bainnne te.

Cuidíonn folcadán roimh am leapa le daoine titim ina gcodladh.

Titeann teocht an choirp san fholcadán díreach mar a thiteann an teocht agus duine ag dul a chodladh. Cuireann seo codladh ar páisti.

Ná bíodh trealladh ríomhaireachta ar fáil. Is féidir scannán le téama na Nollag bheith ann níos luaithe ach is fiú am a bheith le chéile gan scaileáin roimh dul a luí.

Bíodh tréimhse saor ó theicneolaíocht 30 noiméad roimh dul a luí.

Is fiú scéal um leapa bunaithe ar an Nollaig a léamh leo roimh dul a luí.

Lig do chiúnas bheith sa teach.

Nuair a theipeann ar gach rud. Is féidir a rá nach dtiocfaidh Daidí na Nollag go mbeidh siad ina luí.

Tá cleachtas tosaithe ag go leor teaghlaigh a thugann cead bronntanas amháin a oscailt oíche Nollag.

Is fédiir leis seo bheith ina chuidiú le sceitimíní  a smachtú.