Le Liam de Lása

Tá saol ár linne ag athrú go mór agus tá nósanna cultúrtha ag teacht chun cinn sa tsochaí le tonn na n-athruithe sin. Oibríonn Glór na nGael le teaghlaigh fad agus leithead an oileáin chun comhairle, tacaíocht agus cabhair a chur ar fáil dóibh maidir le treisiú na Gaeilge sa bhaile. Tharla sé i mbliana go raibh orainn a bheith seiftiúil maidir le conas freastal níos fearr a dhéanamh ar choistí agus ar theaghlaigh na nGael. Tá na deacrachtaí a bhaineann leis an ngéarchéim reatha dhomhanda pléite go mion in áiteanna ach le teacht an víris tháinig roinnt deiseanna chuig lucht labhartha na Gaeilge i bhfad agus i gcéin.

Tá na hathraithe sin ag dul i bhfeidhm ar chultúr na hÉireann agus is maith é normalú a dhéanamh ar an dátheangachas mar atá an cás i dtíortha eile. Chaitheas mórán samhraí dom shaol ag taisteal in áiteanna ar fud na domhain. Pé áit ar leag mé cos bhí gné chomónta amháin a thugas faoi deara láithreach. B’in nádúrthacht agus normáltacht an dátheangachais i dtíortha eile i gcomparáid lenár gcultúr féin. Níor ghabh éinne leithscéal riamh liom as a dteanga féin nó teanga iasachta a labhairt i mo chuideachta.

Athraíonn gnásanna an duine tar éis tamaill agus braithann Rosann Henry, tuismitheoir de bheirt páiste le Gaeilge i gCathair Chill Chainnigh, go mbíonn daoine an-bháúil don teanga agus go mbíonn daoine á moladh nuair a chloiseann siad an Ghaeilge á labhairt i gcomhluadar Bhéarlóirí.

“Ní dhéanaim iarracht mhór mo nósanna teanga a athrú i gcomhluadar áirithe nuair atáim ag caint díreach le mo pháistí féin”.
Ní hamháin go gcabhraíonn an cur chuige seo lena bpáistí féin ach meallann sé aird dhaoine eile ar shlí dhearfach leis. “Spreagann sé fiosracht an duine nuair a chloistear a teanga á labhairt go nádúrtha againn agus gan rud mór a dhéanamh as”

Léiríonn an taighde is déanaí dúinn go nglacann páistí le nósanna ina dtimpeallacht féin. Bíonn tionchar mór ag a gcomhghleacaithe féin orthu faoi mar a théann siad in aois ach glacann siad leis na rudaí a ghlactar leo sa tsochaí. Is cúis mhór í seo gan leithscéal a ghabháil as Gaeilge a labhairt i gcomhluadar dhaoine nach bhfuil an Ghaeilge ar a dtoil acu. Níl aon locht ar Bhéarla a labhairt nuair is gá ach cruthaítear deacrachtaí nuair a chuirtear in iúl don pháiste gur rud eisceachtúil í an Ghaeilge.

Ceann de na príomhspriocanna a bhaineann leis an Teanga Tí ná deiseanna poiblí a chruthú do theaghlaigh an teanga a labhairt. Tacaíonn an scéim le hiarrachtaí na dtuismitheoirí sa bhaile agus déanann sé an teanga a thabhairt amach ó láthair na scoile go dtí suímh phoiblí inar féidir le daoine an teanga a chloisint mar ghnáthchuid den saol laethúil. I bhfírinne, braitheann cultúir an lae amáraigh ar thoil an teaghlaigh an teanga a chur i mbéal an phobail.