Is breá le linbh amhráin agus rannta. Is aoibhinn leo glór an tuismitheora a chloisteáil. Cabhraíonn amhráin agus rannta go mór lena scileanna labhartha agus éisteachta atá ag do leanbh a fhás agus a fhorbairt.

Is é do ghlór an ceol is mó a thaitníonn le do leanbh. Mar sin abair amhráin di, fiú muna bhfuil ghlór iontach agat. Ní dhéanfaidh do leanbh aon breithiúnas ort. Múch an teilifís nó an raidió ionas gur féidir le do leanbh do ghlór amháin a chloisteáil. Níl gá ort amhráin do pháistí a chanadh an t-am ar fad, is féidir leat popcheol, amhrán ar an sean nós nó stíl ceoil ar bith a chanadh. Má thaitníonn an amhrán leatsa, bainfidh do leanbh sult as chomh maith. Tabhair faoi deara an chaoi a théann an cheol agus do ghlór go mór i bhfeidhm air/ uirthi. An féidir leat a mhéara a fheiceáil ag casadh agus ag lúbarnaíl?

Nuair atá tuirse ar do leanbh nó nuair atá sí trína chéile, bain triall as amhrán a chanadh di, go mall agus go séimh, chun faoiseamh a thabhairt di. Foghlaimíonn páistí tríd spraoi. Nuair atá tú ag canadh amhráin agus rannta, athraigh do ghlór, déan geaitsí nó úsáid ainm do pháiste sna hamhráin. Mar Shampla: Istigh sa Zú nó Is mise an tiománaí traenach.

Nuair a thagann do leanbh nó do pháistí isteach ag déanamh fuaimeanna, tabhair go leor spreagadh agus misniú dó/di. Cé nach bhfuil do pháiste in ann labhairt go fóill, éist lena an freagra atá aige don amhráin agus rannta.