Is é spraoi an príomh bhealach a fhaigheann linbh agus naíonáin amach faoin Domhain. Le do chuidiú, is bealach iontach é mar thacaíocht dá bhforbairt teanga chomh maith.
Mar thuismitheoir, is tú an cara is fearr atá ag do pháistí. Déan do dhícheall am a chaitheamh leo ag spraoi gach lá.
Is breá le leanaí óga spraoi fisiciúla, ach go háirithe iad a chigilt nó a méara agus a liúidíní a chomhaireamh.
Nuair a éiríonn do leanbh beagáinín níos sine agus níos láidre, tabhair go leor bréagáin dó/di, nithe atá slán agus sábháilte agus mínigh dó/di cad é atá ann.
Déan cinnte go ndéanann tú go leor fuaimeanna chun nithe áirithe a mhíniú, mar shampla, téann an charr “brmm brmm” nó “bíp bíp”. Is féidir leat amhráin nó rannta a chanadh a dhéanann cur síos spraíúil ar na bréagáin éagsúla.
Is breá le linbh, amhráin agus rannta a chloisteáil agus cluichí ar nós peek- a-boo- a imirt arís is arís eile.
Timpeall Timpeall Rothaí an Charr
Timpeall timpeall rothaí an charr
Timpeall timpeall rothaí an charr
Timpeall timpeall rothaí an charr
Rothaí ag casadh timpeall
Bíp Bíp Bíp ag adharc an charr
Bíp bíp bíp ag adharc an charr
Bíp bíp bíp ag adharc an charr
Géilligí don bíp bíp
Swish swash swish cuimilteoirí an charr
Swish swash swish cuimilteoirí an charr
Swish swash swish cuimilteoirí an charr
Ag glanadh na fuinneoga
Mise an Traein
Mise an traein, puff, puff, puff
Mise an madra, bhuf, bhuf, bhuf
Mise an bus, bíp bíp bíp
Mise an tsicín, tsíp, tsíp, tsíp.
Carr Beag
Carr beag dearg
Carr beag buí,
Carr beag gorm,
A haon, a dó, a trí.