Is fhadhb síoraí é don tuimsitheoir páistí a spreagadh chun glanadh suas ina ndiaidh agus cuidiú le hobair an tí.
Bíonn cuid maith tacaíocht agus treoracha céim-ar-chéim de dhíth ar páistí beaga le tascanna simplí a chur i gcríoch.
Forbairt
Bíonn cuid mhaith tacaíocht agus treoracha céim-ar-chéim de dhíth ar pháistí beaga le tascanna simplí a chur i gcríoch.
Is fiú deis a thabhairt do pháistí tacú leat timpeall an tí chomh luath agus gur féidir leo. Tá gach páiste difriúil, ach is minic go mbíonn siad i bhfad níos toilteanaí dul i mbun oibre ná a mhalairt.
Is féidir le leanaí an-óg cabhrú leis an dustáil; na héadaí a thógáil amach ón dtriomadóir; scuabadh suas (le scuab beag go speisialta dóibh féin); folúsghlantóireacht; bia ón siopadóireacht a chur isteach sa chuisneoir & cófraí; uisce a chur ar na plandaí agus i bhfad níos mó.
Baineann páistí pléisiúr as a bheith ag gníomhú lena dtuismitheoirí agus as ucht moladh a fháil uathu.
Is fearr go mbeadh taithí acu as a bheith ag obair i dteannta le tuismitheoir ar dtús agus iad faoi bhun 3 bliana d’aois agus tuiscint a bheith acu ar an ngníomh, sula mbíonn brú curtha orthu dul i mbun tascanna leo féin.
Nuair a éiríonn leo níos sine, agus aois a trí nó a ceathair bainte amach acu, is féidir leo bheith níos neamhspleáchaí i roinnt cásanna. Mar shampla agus tú ag caint leis an leanbh 4 bliana d’aois bheifeá ag rá:
“Anois a Sheáin, is gá duit do chuid bréagáin a bhailiú suas agus a chur i mbosca na mbréagán.
“Tá mé ag dul isteach sa chistin anois agus beidh mé ar ais i gceann deich noiméad. Muna bhfuil sé déanta faoi sin, ní beidh tú ábalta súgradh amárach.”
Mura bhfuil an páiste sásta tacú leis an ngníomh, tabhair rabhadh dóibh agus seans amháin eile.
‘’Anois a Sheáin is tusa a chur na bréagáin seo amach agus is gá duitse iad a chur ar ais arís. Táim chun comhaireamh suas go 10. Mura bhfuil gach rud glanta suas agat, ní bheidh cead agat x a dhéanamh.” ( x = rud éigin gur maith leo).
Rabhadh
A luaithe is atá an tasc seo déanta, is féidir bogadh go tasc eile cosúil le leabhair a chur ar an tseilf nó éadaí salacha a chur sa chiseán níocháin.
Tá sé tábhachtach fanacht dílis do rabhadh a dhéantar sa phróiseas seo mar is lú aird a thabharfadh páiste ar rabhadh ar bith amach anseo má fhoghlaimíonn said nach gcuirtí iad i bhfeidhm. Mar sin de, ní mór gan rabhadh a dhéanamh nach féidir cur i bhfeidhm.
Cé gur féidir leis an chur chuige seo a bheith mall triallach, bíonn i bhfad níos lú frustrachais ag baint leis ná bheith ag scairteadh le fearg “Glan suas anois nó beidh sé daor ort!”
Céim ar chéim
Bíonn toradh níos fearr ar threoracha céim-ar-chéim má thuigeann páistí go mbeidh siad thíos leis muna gcuirfaí an tasc i gcíoch.
Tá sé ina chuidiú tascanna a scríobh amach ar chlár atá crochta i seomra páistí atá giota níos sine. Is fiú céimeanna atá de dhíth le tasc a chur i gcríoch a shonrú ar an gclár.
Arís eile, is gá am líne a chur leis agus impleachtaí bheith le haon teip an tasc a dhéanamh.
Is fiú a chuimhneamh nach leor pionós a ghearradh sa chás nach gcuirtear tasc i bhfeidhm ach gur gá toradh dearfach sa chás go gcuirfear an tasc i gcríoch.
Ábhar misneach
Is ábhar lag mhisineach é más é nach bhfeictear ach impleachtaí diúltacha.
Tá sé tábhachtach iompar maith a mholadh. Má ghlanann siad an seomra, tá sé tábhachtach sin a aithint le moladh, barróg a thabhairt agus in amanna luaíocht a bheith le toradh maith.
Deir cuid mór tuismitheoirí go bhfuil tairbhe le baint as cairteanna greamaitheoirí.
Faigheann an páiste greamaitheoir gach uair a chuirtear tasc i gcríoch. Nuair a bhíonn a dhothain greamaitheoirí bainte amach, bíonn rud éigin speisialta.