Bhí naonúr páiste ag mo mhámaí féin, roinnt againn nach bhfuil gearán aici fúinn, cúpla duine againn a deir sí nár stad de bheith ag caoineamh agus muid beag.

Tá mo bheirt pháiste féin fásta aníos anois agus is beag a chuimhním iad ag caoineamh. Ní bhíonn an t-ádh sin ag gach duine. Tá straitéisí beaga a thugann faoiseamh ón gcaoineamh gan sos.

An cluas bodhair

Má tá tú ábalta dó, oibríonn an cluas bóthair. Tabhair an chluas bodhair don chaoineamh ach bí réidh leis an cheist nó iarratas a chuirtear go séimh a shásamh, sa slí is go dtuigeann an paiste gur sin an bealach is fearr le toradh a bhaint amach.

Aird a atreorú

In amanna níl a fhios ag páistí óga cén fáth go bhfuil siad ag caoineamh. Tosaigh comhrá faoi rudaí ar mhaith leo a dhéanamh amárach nó cuir ceist orthu faoi dhea-chuimhní cinn. Má tá scéal grinn agat is féidir aird a bhaint ó údar an chaointe. Tugann seo fócas eile dóibh seachas an rud atá ag déanamh tinneas dóibh.

Réitigh an fhaidhb sular fadhb é

Is minic gur féidir a thuar cén uair a thosóidh an caoineamh – ag am dinnéir mar shampla. Is cinnte go mbaineann seo le tuirse nó orcas don chuid is mó.

Sa chás sin, is fiú an dinnéar a ullmhú agus a bheith agaibh rud beag níos luaithe ná de ghnáth. Ní bhíonn an freagra chomh sin simplí i gcónaí agus gach seans nach mbeidh faoiseamh agat go mbeidh siad níos aibí!

Riachtanach gan míniú

Don chuid is mó, bíonn páistí suas go dtí trí bliana d’aois ag caoineamh le riachtanas a chur in iúl. Ní bhíonn siad i gcónaí ábalta an riachtanas sin a mhíniú. Tá sé tábhachtach bheith tuisceanach agus grá a thaispeáint.

Ní gá freagra láithreach i gcónaí

Má thosaíonn an caoineamh le ceist cosúil le “Cén uair ar féidir …. bheith agam” is féidir a rá leo, “Inseoidh mé duit nuair a bheidh a fhios agam.”

Tugann sé seo le fios nach bhfuil tú ag coinneáil eolas siar uathu agus nach bhfaigheann gach iarratas sásamh láithreach.

Mol an óige

Ní chuimhníonn páistí óga cad is iompar maith i gcónaí. Taispeáin samplaí maithe dóibh ar dea-iompar é.

Ná déan bagairt nach gcuirfear i bhfeidhm

Ná déan bagairt rud a dhéanamh muna bhfuil tú chun an bhagairt a chur i bhfeidhm. Mar shampla, má tá tú ar do bhealach chuig cóisir sa charr agus páiste ag caoineadh sa suíochán cúil, ná habair go bhfuil tú chun an carr a thiontú siar muna stopann an caoineamh ach amháin má tá sé i gceist agat sin a dhéanamh.

Éalú ón teach

Is féidir leis an lá bheith fada sa teach agus níl sé sin maith do do shláinte intinne féin, gan trácht ar sláinte intinne an linbh bheith taobh istigh an lá ar fad. Má éiríonn an caoineamh rómhórán, is réiteach simplí é dul amach ag siúl nó chuig an pháirc súgartha. Fiú má tá sé fliuch amuigh, tugann an taobh amuigh faoiseamh dúinn.

Ag an siopa

Gan amhras, is ag an siopa a mbíonn na dúshláin is mó ag tuismitheoirí le páistí ag caoineamh. Bíonn lucht féachana ag páistí anseo agus bainfidh siad tairbhe as má aithníonn siad sin.

Más bréagán atá ar lorg acu, abair leo é a chur ar liosta do Dhaidí na Nollag agus déan rud mór de le grianghraf a ghlacadh de ar do ghuthán. Is féidir le liosta na Nollag bheith beo ar an ghuthán i rith na bliana.