Is minic a dhéanann duine rún éirí níos aclaí agus éirí níos sláintúla.
Is deis é fosta rún a dhéanamh ar mhaithe le sláinte na bpáistí. Muna bhfuil sé á dhéanamh agat cheana, b’fhiú cinnte a dhéanamh de go mbeidh a dhothain deiseanna súgartha taobh amuigh ag na páistí.
Dar leis an Eagraíocht Domhanda Sláinte ní fhaigheann páistí idir 11-17 a dhothain aclaíocht, rud nach bhfuil ar leas a sláinte.
I dtuairisc a d’fhoilsigh an eagraíocht, dúradh nach bhfuil 81% d’ógánaigh ach ag fáil uair a chloig de ghíomhaíocht fhisiciúil in aghaidh an lae.
Bíonn an scéal níos measa do chailíní ná buachaillí.
Is nuair a bhíonn siad níos óige gur gá dea-chleachtas na haclaíochta a thosú.
Tugann súgradh faoi aer deiseanna forbartha agus foghlaim gan deireadh do leanaí óga. Cuireann sé le forbairt fhisiciúil agus forbraíonn sé scileanna na leanaí conas réiteach le leanaí eile agus conas a gcuid mothúchán a bhainistiú.
Tabharfaidh an súgradh faoi aer na cuimhní cinn is sultmhara agus eispéireas dóibh a chuimhneoidh siad go deo.
I measc eile, tugann sé deis do leanaí óga:
- Na céadfaí ar fad a úsáid
- Eachtraíocht
- Gníomhaíochtaí fisiciúla
- Taiscéalaíocht agus
- Scileanna sóisialta a fhorbairt
Deirtear gur lú seans go mbíonn páistí tinn ná ag fulaingt le strus má imrím taobh amuigh, i gcomparáid le páistí nach mbíonn an deis acu bheith amuigh chomh minic sin.
Chomh maith leis sin, deirtear gur mó seans a leanfaidh páistí nósanna maireachtála dearfacha a dhéanann maitheas don sláinte i gcoitinne má bhíonn an deis acu agus iad óg dul ag rith, ag dreapadh, ag tochailt agus ag luascadh.
Tá réimse leathan buntáistí sláinte ag dul leis:
- faigheann siad cuid mhór vitimín D ó sholas na gréine a chuireann le láidreacht a gcuid fhiacla;
- Láidrítear an córas imdhíonachta;
- Follaine croí agus riospráide;
- Bainistiú meáchain
- Cuireann sé le torthaí acadúla agus le cruthaíocht;
- Feidhm chognaíoch;
- Codlaíonn siad níos fear; agus
- Maolaíonn sé siomptóin Neamhord Hipirghníomhaíochta an Easnaimh Airde (nó ADHD).
Tá breis eolais faoin tábhacht le súgradh taobh amuigh ag an nasc seo: An Tábhacht le Súgradh Amuigh Faoin Aer.