Cúpla leid chun tacú le forbairt labhartha Páistí Óga tríd spraoi agus eile
Taispeáin Suim
- Taispeáin don bpáiste go bhfuil suim agat i cad atá le rá acu (fiú agus iad an-óg agus nach bhfuil fiú píobaireacht acu).
- Breathnaigh orthu nuair a dhéanann siad fuaimeanna.
- Déan meangadh gáire, chun go dtuigfidh an páiste go bhfuil tú ag éisteacht agus go bhfuil suim agat i cad atá le rá acu.
- Mol a gcuid iarrachtaí cainte
- Léirigh spéis i cad atá ar siúl ag do pháiste agus iad ag spraoi.
- Cuir ceisteanna orthu faoi cad atá ar siúl acu.
- Mura bhfuil caint acu go fóill, freagair tú féin ach fag spás chun am a thabhairt dóibh a bhéal a bhogadh nó a ngotha gnúise a athrú.
- Má tá an páiste ag tosnú ag deanamh fuaimeanna nó ag caint, fág spás dóibh chun tú a fhreagairt.
- Mol gach iarracht.
Ag Léamh
- Bí ag léamh leo.
- Déan cur síos faoi aon pictiúr atá sa leabhar.
- Cuir ceisteanna faoi na pictiúir agus fág spás don páiste ‘freagra’ a thabhairt duit, bíodh sé sin tríd gníomh ar nós ag pointeáil, ag píobaireacht nó ag rá focal/abairt, ag braith ar aois & cumas an páiste.
Ag Labhairt
- Labhair leo i rith an lae faoi gach rud atá ar siúl nó faoi cad atá le feiscint sa timpeallacht
- Déan cur síos ar rudaí. Léirigh tuairimí faoi rudaí.
- Mar shampla “Féach ar an carn mór éadaí atá le ní againn. Beidh orm na dathanna a scaradh ó na rudaí bána. Cén dath ar an geansaí sin? Nach bhfuil sé lofa salach!”
Amhráin & Rannta
- Can amhráin agus rannta leo.
- Úsáid gluaiseachtaí atá oiriúnach don amhrán/rann.
- Bíodh spraoi agaibh leo.
Athrá
- Déan athrá ar na focail a úsáideann do pháiste agus cur iad in abairtí.
- Mar shampla, má deir an leanbh “carr,” is féidir a rá, “Tá an ceart agat. Sin carr. Is carr mór gorm é sin.”
An Corp
- Labhair faoi codanna éagsúla den gcorp. Déan cluiche de.
- Mar shampla, “Cá bhfuil do bhéal? Maith thú, sin do bhéal! Ach cad atá istigh sa bhéal? Taispeáin dom do theanga/fiacla! is féidir do theanga féin a chur amach nó d’fhiacla a thaispeáint go drámatúil!
Spraoi Céadfach
- Úsáid spraoi céadfach chun tacú le forbairt labhartha do pháiste.
- Tabhair deiseanna dóibh spraoi le gaineamh, uisce, bia, clocha, adhmad, péint, bolgáin, srl ag braith ar aois & sábháilteacht.
- Mar shampla, má tá páistí fós ag cur rudaí ina mbéal, déan cinnte go bhfuil siad ag spraoi le hábhair atá sábhailte le n-ithe agus nach dtachtfar iad.
- Déan cur síos ar conas a mhothaíonn nó a bholaíonn nó a fhuaimníonn an t-ábhar, nó cad ar féidir leo tógáil leis / déanamh leis.
- Ainmnigh na hábhair spraoi agus déan chur síos orthu:
- Mar shampla, “Sin cloch. Cloch mór liath, An bhfuil an cloch sin garbh nó mín? Mothaigh é ansin agus inis dom cad a cheapann tú. Meas tú an féidir linn caisleán a thógáil le na clocha seo? Bainfimid triail as.”
- Cuir ceisteanna orthu agus fág spás dóibh chun tú a fhreagairt:
- Mar shampla, “Cén blas atá ar an úll sin? An bhfuil sé milis nó géar? Measaim féin go bhfuil sé go deas milis. Cad a cheapann tú féin? An fearr leat blas an úill nó blas an oráiste?’
Cluichí
- Imir cluichí ar nós Feicim le mo shúile beaga cinn (I spy) nó folach bíog (hide & seek), Ar Marc, Réidh, Gabh (ready, steady, go), Deir Ó Grádaigh (Simon says), srl le chéile.
- Imir cluichí / Cas rannta chun gur féidir leis an bpáiste Bualadh Bos nó Geáitsí a dhéanamh ar nós Rollaí Pollaí, Bulla Ba Báisín, Lámh, Lámh eile, srl
An Samhlaíocht
- Tabhair deiseanna don bpáiste a shamhlaíocht a úsáid.
- Úsáid bréagáin chun scéalta a insint (drámaí beaga).
- Cuir ceisteanna i rith scéalta ar nós “Cad a tharla ansin? Cad a rinne siad ansin? Inis dom!”
- Léirigh spéis ina chuid scéalta. Bí drámatúil!