Níor mhaith le héinne againn go mbeidh ar pháiste dul isteach san otharlann ach tarlaíonn sé.
Is féidir leis an taithí bheith dian ar an pháiste agus ar na tuismitheoirí araon agus bíonn orainn uilig bheith láidir.
Is féidir an strus a mhaolú má dhéantar an t-ullmhúchán ceart.
Labhair faoin otharlann mar áit shona ina gcabhraíonn dochtúirí agus banaltrai le sláinte a fheabhsú.
Seo léideanna bunaithe ar chomhairle a d’fhoisligh Bord na Gaeilge tamailll de bhlianta shin:
- Déan mar a iarrann na dochtúirí is banaltraí.
- Cuir ceist ar an dochtúir faoin gcomhar leighis a chuirfear ar an bpáiste.
- Dearbhaigh go gcuirfidh tú cuairt orthu a oiread agus is féidir agus go mbeidh sí nó sé ag teacht abhaile.
- Mínigh x-ghathanna, scanadh, instealladh, tástáil fola agus eile. Inis an fhírinne.
- Beir leat an bréagán nó pluid is ansa léi nó leis agus an gubán súraic nó buidéal (má tá sé fós in úsáid).
- Beidh gá ag do pháiste leat, go mór mór roimh agus i ndiaidh obráide.
- Is minic gurb é an dearbhú agus a lán grá an leigheas is tábhachtaí.
- Gráigh do leanbh. Tabhair barróg do do leanbh.
- Tabhair nuacht ón bhaile.
- Munar féidir leat féin bheith ann i gcónaí eagraigh duine eile i do áit.
Tá an t-alt seo bunaithe ar eolas a foislíodh ag Bord na Gaeilge.