Tarlaíonn dóiteáin agus nuair a tharlaíonn siad is minic go bhfuio sé rómhall rud éigin a dhéanamh faoi.

Tugann an Bhriogáid Dóiteáin féin comhairle nár chóir do dhaoine nach bhuil an traenáil cuí acu tine a throid.

Is é an comhairle athugtar ná fág an teach agus fios a chur orthu láithreach.

Tá rudaí ann ar ndóigh gur féidir a dhéanamh lenár dteaghlaigh agus ár dtithe féin a chosaint ó thine.

Aláram deataigh

Tá faisnéis ann go dtarrthálann aláraim deataigh daoine. Léiríonn taithí trodairí tine nach mbíonn aláraim deataigh i mbeagnach gach tine baile ina chailltear daoine.

Is teachtaireacht simplí é sin: faigh aláraim deataigh agus déan é a thriaill go minic. Ba chóir aláram déataigh bheith ar gach urlár.

Sa chistin

  • Coinnigh sreangáin leictreasha ar shiúl ón sorn agus ón doirteal.
  • Coinnigh pluid tine sa chistin. Is féidir é a chur timpeall duine má tá siad trí thine
  • Triomaigh bia atá le cur san fhriochtán
  • Má tá deatach ag éirí as ola. Múch an teas.
  • Ná úsáid cipíní ná lastóirí le sorn gas a lasadh. Tá frearais splainc níos sábháilte

Roimh dul a luí

Tarlaíonn an chuid is mó de thinte baile san oíche. Tá sé tabhachtach go mbíonn gnáthamh seiceála ann roimh dul a luí gach oíche:

  • Bain amach plocídí;
  • Cuir scáthlan tine ar thinte oscailte;
  • Folmhaigh luaithreadáin;
  • Druid doirse inmheánacha;
  • Bog éadaí, cuirtíní, paipéir ar shiúl ó théitheoirí.

Plean éalaithe

Cuireann plean éalaithe go mór le do sheansanna teacht slán ó thine.

Déan cinnte de go bhfuil gach duine ar an eolas faoin bplean agus ar cad tá le déanamh má bhuaileann an t-aláram deataigh.

Ba chóir roghanna slíte amach a bheidh ann ag brath ar láthair an tine. Aontaigí áit le teacht le chéiel arís ar an taobh amuigh.

Cad é mar a thosaíonn tinte?

Is iad na rudaí seo a leanas is mó a bhíonn údar tine leo go stairiúil:

  • Friochtán sceallóg;
  • Mí-úsáid aibhléise;
  • Caitheamh tobac;
  • Páistí agus cipíní;
  • Coinnle.

Is gá céimeanna a ghlacadh leis an bhagairt ó na foinsí seo a mhaolú.

Ceimeanna le do theaghlach a chosaint ó thine:

  • Ná fág friochtán sceallóg gan aire;
  • Ná ró-ualaítear soicéid agus úsáidtear an fiús ceart i gcónaí;
  • Ná lonnaigh téitheoir soghluaiste in aice le cúirtíní nó ábhar eile a dtiocfadh leis dul trí thine;
  • Ná lonnaigh soilse ná lampaí in aice le cuirtíní;
  • Ná cuir cablaíleictreacha faoi chairpéid.
  • Na bí ag caitheamh toitíní nuair a bhíonn tuirse ort nó níos fearr, éirigh satu ar fad.
  • Coimhéad súil ar choinnle i gcónaí agsus ná fág i seomra iad gan súil a choinneáil orthu. Coinnigh iad ar shiúl ar ábhar eile a dtiocfadh leis dul trí thine. Cuimhnigh gur féidir le coinnle plaisteach a leá.
  • Coinnítear cipíní agus lastóirí ar shiúl ó pháistí.

CUIMHNIGH:

Tugann an Bhriogáid Dóiteáin féin comhairle nár chóir do dhaoine nach bhuil an traenáil cuí acu tine a throid.