Le Áinín Uí Chasaide
Mar atá soiléir ó na fócasghrúpaí a reáchtáil Glór na nGael le tuismitheoirí ar na mallaibh, tá caighdeáin éagsúla Ghaeilge ag tuismitheoirí atá ag déanamh a ndícheall na páistí a thógáil trí Ghaeilge.
Do theaghlaigh a bhfuil beirt thuismitheoirí ann, níl Gaeilge ach ag duine amháin de na tuismitheoirí go minic agus gan ach cúpla focal ag an duine eile. Cruthaíonn sé seo deacrachtaí nuair atá tuismitheoir amháin ag iarraidh na páistí a spreagadh le Gaeilge a labhairt agus cloiseann siad an tuismitheoir eile ag labhairt as Béarla, is minic mar sin a thiteann siad ar ais ar an Bhéarla.
Ach is féidir an scéal sin a réiteach le píosa iarrachta agus, na laethanta seo, ní gá fiú imeacht as an teach chun cur le do chuid Gaeilge. Is iomaí áis fhoghlama agus tacaíochta atá ar fáil ar líne, agus tá eolas ar roinnt acu bailithe le chéile againn anseo.
Aipeanna
Duolingo – Tá Duolingo ar cheann de na haipeanna is mó a úsáideann daoine ar fud an domhain le teangacha a fhoghlaim, an Ghaeilge ina measc. Déan ceacht gairid gach lá agus déanfaidh tú dul chun cinn gasta.
Oide 2k17 – Díríonn an aip seo ar Ghaeilge Chonamara, agus leagtar béim ar an fhoghraíocht agus an cleachtadh labhartha.
Céad Briathar – Má tá tú aon amhras faoi bhriathar ag aon stad, is féidir é a sheiceáil leis an aip úsáideach seo, a léiríonn sé an fhoirm dhearfach, an fhoirm dhiúltach agus an fhoirm cheisteach do 100 briathar.
Greann Gaeilge – Cuidíonn an aip seo leat ó thaobh foclóra, gramadaí agus aibítir na Gaeilge.
LingoBrain – Is cineál cluiche é an aip seo a chuidíonn leat suas go 7000 focal Gaeilge a fhoghlaim.
Get The Focal – Is bunachar é an aip seo d’aistriúcháin ó Bhéarla go Gaeilge agus a mhalairt, an-úsáideach nuair atá tú ag iarraidh rud éigin a chur in iúl go snasta.
Nemo Irish Gaelic – díríonn an aip seo ar na focail agus ar na frásaí is coitianta sa chaint, agus is féidir tú féin a thaifead agus do ghuth a chur i gcomparáid leis an mhúinteoir chomh maith.
Enjoy Irish – Tá an aip seo bunaithe ar an leabhar agus ar an CD leis an ainm céanna, agus leanann sé struchtúr na ról-imirtí cosúil leis an leabhar féin.
Leabhair
Irish at Home – Is sraith de 9 leabhar agus CD é seo atá déanta ag Altram. Is leabhair shimplí iad, dírithe ar an chineál teanga a bhainfeá úsáid as le páistí óga sa bhaile.
Rang na dTuistí 1 agus 2 – Áis iontach eile déanta ag Altram le tacú le tuismitheoirí gan Gaeilge.
Gaeilge don Teaghlach – Is iad Conradh na Gaeilge, Carn Tóchair a chuir an fillteán seo le chéile. Tá 120 leathanach ann ar a léirítear frásaí, nathanna, agus foghraíocht Ghaeilge Uladh. Ina theannta sin, tá leathanaigh shaothair ann le gur féidir codanna den teanga a chleachtadh.
Gaschaint – tá na trí chanúint clúdaithe sa leabhar seo agus ar an CD a théann leis agus tá níos mó ná 2000 frásaí mar chuid de, dírithe ar fhrasaí a mbainfeadh páiste úsáid astu.
Suíomhanna
CCEA – Leathanach na dTuismitheoirí:
www.ccea.or.uk/curriculum/gaeloideachas/tuismitheoirí
Tá cluichí idirghníomhacha ar an suíomh seo a dtig leis an tuismitheoir a imirt sa bhaile leis an pháiste.
Is Féidir Linn
Ar an suíomh seo tá 10 gceacht Gaeilge saor in aisce le cluichí agus gníomhaíochtaí le dul leo.
Digital Dialects
Cluichí simplí d’fhoghlaimeoirí fasta atá ar an suíomh seo, is féidir bheith ag foghlaim trí spraoi.
In CúChulainn’s Footsteps
Cluichí casta bunaithe ar an bhéaloideas atá i gceist leis an suíomh seo, Is fiú iad a thriail.
Buntús Cainte
Seo áis iontach, tá 30 uair de cheachtanna ar fáil sa phacáiste seo a thabharfaidh bunús maith don fhoghlaimeoir agus é ar a thuras teanga.
Tyrone GAA
Tá áiseanna foghlama saor in aisce ar fáil ar aon suíomh seo, bunaithe ar chanúint Uladh.
Céim ar Aghaidh
In Céim ar Aghaidh, tá ábhair foghlama agus teagaisc i nGaeilge Uladh fá choinne foghlaimeoirí agus múinteoirí meánleibhéil agus ardleibhéil. Tá na hábhair bunaithe ar shraith agallamh le cainteoirí breátha Gaeilge as achan chearn de Chúige Uladh.
Líofa
Is féidir le haon duine a chláraíonn le feachtas Líofa teacht ar bhunchúrsa ar líne de chuid Ghaelchultúr saor in aisce.
BBC Gaeilge
www.bbc.co.uk/programmes/articles/bbc-gaeilge:
Tá neart le fáil ar an suíomh seo, idir áiseanna foghlama, agallaimh, cláir agus cluichí. Tá an suíomh seo oiriúnach do pháistí agus do dhaoine fásta.
Tús Maith
Tá neart áiseanna ar a suíomh seo a thugann tacaíocht do thuismitheoirí atá ag iarraidh páistí a thógáil trí Ghaeilge.
Comhaltas Ceoltóirí Éireann
https://comhaltas.ie/press_room/archive/C61/
Tá 4 aonad ar fáil ar an suíomh seo den tsraith ‘Scéim Comhrá Gaeilge’ a leagann béim ar an Ghaeilge labhartha a fhorbairt.
The Irish Independent
https://www.independent.ie/life/family/learning/learn-irish-with-liam-o-maonlai
Tá sraith de cheachtanna Gaeilge ar an suíomh seo agus le bileoga oibre agus comhaid fhuaime do gach ceann acu.
Irish On Your Own
http://www.dfwgaelicleague.com/p/irish-on-your-own
Ar an suíomh seo tá leagan ar líne den chúrsa ‘Now You’re Talking’ a tháinig amach ar tús na nóchaidí.
Altram
Tá neart áiseanna úsáideacha do thuismitheoirí ar shuíomh Altram, cosúil le frásaí úsáideacha a bhaineann leis an saol teaghlaigh rangaithe de réir téamaí.