Tá teaghlaigh ann le beirt tuismitheoir gur cainteoirí dúchais iad nach labhraíonn ach an Ghaeilge lena bpáistí. Is eiscíochtaí iad seo. Níos minice ná a mhalairt ní bhíonn an Ghaeilge ach ag duine amháin de na tuismitheoirí, nó b’fhéidir nach bhfuil an Ghaeilge ar a dtoil ag ceachtar acu agus cinneadh á ghlacadh go dtógfaidh siad na páistí leis an Ghaeilge. Is cuma cén cúlra teanga atá ag na tuismitheoirí, ní bheidh rath ar a gcuid iarrachtaí de thimpiste. Is gá machnamh agus plean a bheith acu le go mbeidh rath ar a gcuid mianta.
Is treoir é an t-alt seo chun plean gnímh á ullmhú acu
Tá tuismitheoirí ann ar ndóigh nach cinneadh mór é an Ghaeilge a roghnú mar theanga teaghlaigh; gur rud nadúrtha é dóibh. Is cinneadh é gur gá do thuismitheoirí eile impleachtaí a mheas roimh ré. Nuair a shocraíonn tuismitheoirí gur mhaith leo na páistí a thógáil le Gaeilge bíonn orthu gníomhú le go dtarlóidh sé. Gan an cinneadh coinsiasach sin agus gníomh dá réir, beidh an lámh in uachtar ag an Bhéarla sa teaghlach ina n-ainneoin agus cuirfear na hiarrachtaí amú.
Is iomaí fachtóir atá le cur san áireamh ag teaghlaigh agus iad ag forbairt plean teanga agus ag cur cleachtas teanga in áit sa teach:
- An bhfuil siad sa Ghaeltacht nó lasmuigh di?
- An bhfuil teacht ar pobal cainteoirí Gaeilge?
- An bhfuil dearcadh dearfach nó diúltach ag baill eile den chlann nó ag na comharsana?
- An bhfuil acmhainní tacaíochta ann?
- Cén cumas Gaeilge atá ag na tuismitheoirí?
- Cén fachtóir eile gur féidir tionchar a imirt, maith nó olc?
Beidh riachtanais agus coimitmintí difriúla ag an uile duine. Iarrtar ar an léitheoir a bhfuil uatha féin a bhaint as na moltaí seo a leanas.
Teaghlaigh án Ghaeilge
Nuair a bhíonn an bheirt tuismitheoir líofa sa Ghaeilge, moltar dóibh beirt an Ghaeilge a labhairt leis na páistí agus os comhair na páistí amach chomh minic agus is féidir. Baineann seo leis na hócáidí sin taobh amuigh den teach, siopadóireacht, cuairteanna ar ghaolta srl., chomh maith leis na hamanna a bhfuil an teaghlach sa bhaile. Muna labhraítear an Ghaeilge go poiblí agus i gcomhluadar iad siúd nach bhfuil Gaeilge acu, tuigfidh na páistí nach ábhar bróid í an teanga agus ní thuigfidh siad í i gcomhthéacs dearfach.
Tarlaíonn sé in amanna go mbeidh cuairteoirí sa teach nach bhfuil labhairt na Gaeilge acu. Cén teanga a labhrófar leis na páistí nuair a tharlóidh sin? Moltóir cloí leis an Ghaeilge agus a mhíniú do na cuairteoirí gurb í an Ghaeilge an teanga a labhraítear leis na páistí de ghnáth. Ar bhonn praiticiúil nó béasaíochta, mothóidh daoine in amanna gur gá tiontú ar an Bhéarla. Baineann ceachtar den dá rogha le cumarsáid. Pé acu rogha a ghlacfar, tuigfidh na páistí féin go gasta agus labhróidh siad an teanga cuí.
Más é an cinneadh leanúint le labhairt na Gaeilge leis na páistí nuair a bhíonn cuairteoirí sa teach, b’fhiú seo a mhíniú do na cuairteoirí. Má thuigeann siad cad tá ar siúl, beidh bunús níos láidre le hiarrachtaí na dtuismitheoirí. Agus ar ndóigh, má tá Gaeilge ag na cuairteoirí féin, ba chóir iad a spreagadh lena húsáid.
Nuair nach bhfuil an Ghaeilge ach ag duine de na tuismitheoirí
Tá gach seans go bhfuil níos mó teaghlaigh le tuismitheoir amháin gan Ghaeilge ar a thoil aici/aige ná mar atá teaghlaigh le Gaeilge ag an bheirt acu. Tá sé tábhacht sa chás seo go mbíonn struchtúr ag úsáid na Gaeilge i saol an pháiste. Ciallaíonn sé seo go mbeidh ar an tuismitheoir líofa an Ghaeilge a úsáid i gcónaí. Moltar fanacht dílis don chur chuige seo agus nach mbeadh an tuismitheoir líofa ag meascadh na teangacha le chéile.
Is féidir leis an dara tuismitheoir tabhairt faoi foghlaim na Gaeilge taobh ar thaobh leis an pháiste. Baineann páistí sult as an foghlaim seo agus cuireann sé le féinmhuinín an pháiste cuidiú le foghlaim an tuismitheora.
Nuair nach bhfuil Gaeilge ag ceachtar den dá thuismitheoir
Tarlaíonn sé go minic go gcinneann tuismitheoirí a bhfuil páistí s’acu ar ghaelscoil an teanga a fhoghlaim taobh ar thaobh lena bpáiste. Éiríonn seo dúshlánach.
Nuair nach bhfuil Gaeilge ag ceachtar den dá tuismitheoir agus má tá siad ag foghlaim moltar iarracht a dhéanamh focail agus frasaí simplí a úsáid nuair is féidir leo agus iad sásta go bhfuil úsáid na teanga cruinn. Tosaigh le focail agus frasaí simplí. Bain úsáid astu go minic agus bí ag cur le stóras an fhoclóirín agus na bhfrásaí i rith an ama. B’fhiú don chumarsáid seo bheith bainte le saol an pháiste, ar nós, bia, éadaí, muirnín, am leapa agus eile.
Beidh gá le tacaíocht ag teaghlaigh a thiteann faoi gach ceann den trí réimse thuas luaite. B’fhiú fiosrú faoi theaghlaigh eile sa cheantar agus gach deis a thapú le freastal ar imeachtaí Gaeilge. Is gá timpeallacht Ghaeilge a chothú sa teach. Dá mhéad Gaeilge a chluintear ó fhoinsí difriúla is mó a rachaidh sé chun tairbhe na bpáistí.
Táthar ann sa phobal nach dtuigfidh cén fáth go labhródh aon tuismitheoir an Ghaeilge sa teaghlach agus is féidir leo bheith diúltach go leor. Beidh amanna ann gur gá labhairt le gaolta, cairde agus / nó comharsana le cúiseanna labhairt na Gaeilge a mhíniú na dóibh. Ná déan cath cogaidh den scéal, mínigh do chuid smaointe agus an taighde atá taobh thiar de.