Labhairt na Gaeilge sa teaghlach agus riachtanais na bpáistí

 

Is é sprioc do thuismitheoirí a thógann páistí le Gaeilge ní amháin go sealbhóidh siad an Ghaeilge ach go nglacfaidh siad an teanga go croí s’acu. De bharr gur duine aonarach é gach páiste, a bhfuil riachtanais, pearsantacht agus carachtair dá gcuid féin acu, ní bhainfear toradh sásúil amach muna bhfuil an cur chuige in oiriúint don pháiste. Is mór leo bheith mar chuid de phobal á gcomhaosaigh. Muna bhfuil mórán deiseanna acu bualadh le comhaosaigh dá gcuid féin le Gaeilge, thiocfadh dó sé go rachaidh siad in éadan na teanga. Thar aon rud eile, tá sé tábhachtach go mbíonn gníomh ann le cinntiú go mbíonn an Ghaeilge bainte le spraoi agus le sonas ina n-intinní.

Tarlaíonn sé go dtiontaíonn páistí ar an Bhéarla agus/nó go n-éiríonn Béarla s’acu níos láidre ná an Ghaeilge. Tá dóigheanna difriúla le seo a láimhseáil. Má labhraíonn siad Béarla is féidir an abairt a athrá ar ais dóibh agus ansin é a aistriú ag Gaeilge dóibh, nó is féidir é a aistriú go Gaeilge agus ansin freagra cuí a thabhairt. Léiríonn an dá chur chuige seo go mbíonn úsáideach na Gaeilge luachmhar duit. Is é an tríú rogha ná ligean ort nach dtuigeann tú Béarla. Arís eile, ná déan cath cogaidh den scéal. Déan píosa craic as. Ná tiontaigh iad in éadan na Gaeilge. Tá gach páiste difriúil agus sealbhaíonn siad ar fad teanga go difriúil.

Ba chóir aon straitéis le foghlaim agus úsáid na Gaeilge a spreagadh i measc daoine óga ag tarraingt ar an liosta thíos:

PÁISTÍ ÓGA:

  • Bí ag caint leo as Gaeilge fiú sula mbeirtear iad.
  • Bíodh am spraoi acu trí mheán na Gaeilge.
  • Bí ag ceol dánta agus rannta Gaeilge leo.
  • Cuir ceisteanna orthu faoi mhothúcháin.
  • Cinntigh go bhfuil teacht ar chláracha TG4.
  • Léigh scéalta as Gaeilge ag am leapa.
  • Cinntigh go mbíonn deis ag páistí am a chaitheamh le páistí ar comhaois s’acu.
  • B’fhiú freastal ar ghrúpa súgartha a fheidhmíonn trí mheán na Gaeilge nó ceann a bhunú.

PÁISTÍ NÍOS SINE

  • Cuirtear le forbairt teanga trí comhrá – labhairt, éisteacht, scríobh agus léamh. Is gá gach deis a thabhairt leis na rudaí seo a spreagadh.
  • Cuir ceisteanna suimiúla ar na páistí.
  • Bí ag imirt cluichí leo a bhfuil bunús teanga leo.
  • Léirigh sástacht le forbairt teanga s’acu – mol an óige agus tiocfaidh sí.
  • Cinntigh go bhfuil teacht ar ábhar oiriúnach léitheoireachta as Gaeilge
  • Iarr ar an pháistí an scéal am leapa insint in amanna seachas a bheidh ag éisteacht i gcónaí.
  • Ba cheart comhrá a spreagadh. Déan cinnte de go bhfuil fócas ar an pháiste agus go gcuireann an comhrá le deis an pháiste bheith ag labhairt. Déan cinnte de go léiríonn tú go bhfuil go luach lena bhfuil le rá ag an pháiste.

DÉAGÓIRÍ

  • Éiríonn déagóirí níos neamhspleáchaí de réir a chéile agus bíonn ‘pobal’ dá gcomhaoisigh uathu.
  • Cláraigh na déagóirí le clubanna óige a bhfeidhmíonn trí Ghaeilge. Nuair nach mbíonn clúb óige Gaeilge ann, is minic go dtosaíonn tuismitheoirí ceann i gcomhar le tuismitheoirí eile.

 

Cuimhnigh, ní bheidh sé furasta i gcónaí! Ná géill don droch-mhisneach! Cuimhnigh cén fáth gur chinn tú ar an Ghaeilge a labhairt!

Ní liosta uileghabhálach é an liosta thuas a dtiocfadh úsáid a bhaint as le labhairt na Ghaeilge a spreagadh sa teach. Beidh rudaí eile gur féidir le teaghlaigh a dhéanamh ag brath ar a gcoinníollacha féin. B’fhiú go mór an cheist a chíoradh le cairde nó lucht aitheantais a thaisteal an bhóthar teanga seo cheana.

Ná déan dearmad ar fhorbairt do chumas féin sa Ghaeilge. Is féidir leis an tuismitheoir a leabhair Ghaeilge féin a léamh, rudaí a fhorbróidh foclóirín agus saibhreas Gaeilge an tuismitheora