Is deas a bheith ábalta éisteacht le ceol agus sibh sa charr nó sa bhaile.

Tá rogha deas amhráin agus rannta i nGaeilge ar fáil ar Spotify.com a bheadh oiriúnach do theaghlaigh ar aoiseanna agus spéiseanna éagsúla. Is gá cuntas Spotify saor in aisce a chruthú chun éisteach leo.

Ina measc tá:

GAAGaeilge

Rogha deas amhráin ó ealaíontóirí éagsúla ar nós TG Lurgan, Kila, Na Casaidigh,  Emma Ní Fhiorruisce agus níos mó.

Gugalaí Gug

Rannta traidisiúnta le Tadhg Mac Dhonnagáin

Peigín Leitir Mór

Amhráin agus Rannta traidisiúnta Gaeilge ó ealaíontóirí éagsúla

Bliain na nAmhrán

Amhráin agus Rannta faoi cheithre shéasúr na bliana le Tadhg Mac Dhonnagáin

A Stór is a Stóirín

Amhráin thraidisiúnta ó gach ceann den tír atá oiriúnach do gach aoisghrúpa le Pádraigín Ní Uallacháin.

Ceol 10 – Súil Siar

Albam ó 2010 le amhráin nua aistrithe go Gaeilge le ealaíontóirí éagúla ar nós Eddie Reader, The Coronas, Mudy, Wallis Bird, Kila agus eile.

Ceol na Mara

Amhráin spraíúla do pháistí ar théama na farraige atá anseo, le Tadhg Mac Dhonnagáin agus amhránaithe óga ó Scoil Sailearna i gCo. na Gaillimhe.

Caithréim

Ceol agus amhráin ó dhrámaí an Phiarsaigh le Síle Denvir.

Trup Trup a Chapaillín

Albam álainn le Cantóirí Óga Bhaile Átha Cliath

Ceol as Gaeilge

Seinnliosta le 84 amhráin curtha le chéile ag Sharon Carty. Le ealaíontóirí éagsúla, ina measc na Wolf Tones, Solas, Dervish, Áine Uí Cheallaigh, Gráinne Holland agus níos mó.