Cuireann Acht na dTeangacha Oifigiúla reachtaíocht dualgais ar chomhlachtaí stáit seirbhísí as Gaeilge a sholáthar don phobal.

Baineann na dualgaisí seo le húsáid leaganacha cruinn ceart d’ainmneacha pearsanta is logainmneacha, úsáid a Gaeilge os comhair na gcúirteanna, clárú le hinstitiúidí oidachasúla agus eile.

Tugann an tAcht cearta dúinn cumarsáid a dhéanamh le comhlachtaí Stáit trí mheán na Gaeilge.

Samhlaítear go mbeidh na seirbhísí seo á bhfás agus á bhforbairt i rith an ama.

Baineann na dualgais a éiríonn as an reachtaíocht le meas ar úsáideoirí seirbhísí agus cearta s’acu mar shaoránaigh a chosaint.

Is dúshlán é seo don stát a bhfuil taithí stairiúil air go nglacann furmhór an phobail leis gurb í Béarla teanga na cumhachta, an teanga is tábhachtaí oifigiúla, mar dhea.

Tarlaíonn sé in amanna nach mbíonn caighdeán na seirbhísí as Gaeilge ar chomhchéim agus tuairiscítear nach bhfuil a dhothain cainteoirí Gaeilge sa státchóras le freastal ar na riachtanais.

Tá tábhacht eile le seirbhísí stáit I gcomhthéacs teanga atá imeallaithe agus is é sin forbairt na Gaeilge sa am atá romhainn.

Bíonn teangacha de shaor ag forbairt agus ag athrú agus bíonn tionchar nach beag ag an státchóras ar an fhorbairt sin.

Muna mbeidh áit ag an Ghaeilge i soláthar seirbhísí stáit, is boichte a bheidh an teanga agus de réir a cheile déanfaí dóchar don fheidhm a bhaineann léi.

Ní amháin go gcuireann Acht na dTeangacha Oifigiúla dualgais ar chomhlachtaí stáit, cuireann sé dualgais orainn, pobal na Gaeilge na seirbhísí sin a lorg.

Tá teangacha fud fad an domhan faoi bhagairt ag na mórtheangacha agus cé nach n-airítear an Ghaeilge i measc na teangacha siúd is mó atá i mbaol an bháis, tá dualgas orainne  todhchaí na teanga a chinntiú.

Dá mhéid éileamh a chruthaítear do sheirbhísí as Gaeilge is mó brú a bheidh ar stát a dhothain forine a earcú agus seirbhísí a fhorbairt

Ní mór dúinn nósmhaireacht an Bhéarla agus muid ag plé leis an stát a bhriseadh. Is teachtaireacht thar a bheith láidir é sin dár bpáistí, gur féidir agus gur ceart an Ghaeilge a úsaid agus muid i mbun gnó leis an Stát.

Tá an Ghaeilge ag croí oidhreacht na hÉireann agus tá Acht na dTeangacha Oifigiúla ann leis an oidhreacht sin a chosaint.

Má bhíonn de dhroch ádh ar éinne gan teacht ar an seirbhís atá de dhíth as Gaeilge neamhshásúil a fháil, ní mór scéal a chur chuig an Choimisinéar Teanga le go ndéanfaí an scéal a fhiosrú agus a cheartú.