Bíonn páistí ag éisteacht le guth a máithreacha agus iad go fóill sa bhroinn.

Tosaíonn siad ag foghlaim agus ag forbairt go sóisialta ón noiméad a bheirtear iad.

Deirtear gurb iad an chéad cheithre bliana an tréimhse i mó foghlaim i saol an duine.

Is féidir a rá mar sin gurb é an tuismitheoir an chéad mhúinteoir atá ag an leanbh.

Bíonn an foghlaim luath seo ag tarlú agus iad ag stánadh ar aghaidheanna a dtuismitheoirí.

Tugann siad aoibhinn an gháire faoi deara chomh maith leis na mothúcháin eile a bhíonn le léamh ar aghaidheanna.

Bíonn siad ag giolcaireacht (chattering), ag plobaireacht (babbling) agus caoineamh agus ag gáire.

Forbraíonn an ceangal lena dtuismitheoirí ag an phointe luath seo agus go comhthreomhar leis seo eagla roimh strainséirí.

Tosaíonn siad ag aithris ar dhaoine, ag súgradh agus ag déanamh cur i gcéill.

Forbraíonn linbh tuiscint orthu féin.

Mothaíonn an páiste slán nuair a bhíonn caidreamh maith idir é agus a thuismitheoirí. Cruthaíonn imeachtaí leo féinmheas orthu féin.

Is féidir le tuismitheoirí cuidiú leis an fhorbairt sóisialta an pháiste trí:

  • Bheith ag caint leo mar bheadh duine fásta ann;
  • Leabhair a léamh le chéile
  • Míreanna mearaí a imirt leo
  • Cluichí focail a imirt leo
  • Bheith ag gabháil cheoil
  • Bheith páirteach i ngrúpaí tuismitheoirí agus tachrán, agus
  • Imeacht chuig na siopaí, an leabharlann agus chuig an pháirc.