Tá scileanna bainistiú airgid ar cheann de na scileanna saoil is mó gur gá do thuismitheoirí a roinnt lena bpáistí.
Airgead póca
Cé nach bhfuil sé de chumas ag gach tuismitheoir airgead póca a chur ar fáil dá bpáistí, is féidir ceachtanna tábhachtacha a theagasc leis an chleachtas seo.
Bíonn foghlaim teoranta go leor le baint as an chúpla euro a chaifear ag siopa na milseán. Is féidir teachtaireacht níos doimhne a theagasc le liúntas a chuirfear i gcuntas coigiltis.
Má tá cur chuige struchtúrtha leis seo, foghlaimíonn an páiste an tairbhe a bhaintear as sábháil agus an dóigh a chumasaíonn sé sin iad le rudaí níos mó a cheannach ar ball.
Is beag banc nach mbíonn cuntais ann don óige le rátaí tarraingteacha úis. Agus ar ndóigh, bheadh oscailt cuntais dá leithéid ina bhronntanas deas Nollaig.
Bíonn foireann an bhainc i gcónaí toilteanach na roghanna a mhíniú.
Sprébhileog
Is féidir spraoi a bheith agat le páistí trí sprébhileog a léiríonn úsáid airgead póca, spriocanna sábhála agus cuspóirí le rudaí móra cosúil le bréagáin a cheannach.
Cuideoidh sé seo leis na páistí foghlaim cad is féidir leo féin a bhaint amach le bainistiú airgid.
Ní amháin sin, is féidir seo a úsáid nuair a bhíonn siad do do chrá ar lorg an gléas is nua leictreonach! Is féidir margadh a dhéanamh go gcuirfidh siad lena bhfuil de dhíth lena cheannach.
Bronntanas
Bíonn cuntais bainc ina áit mhaith le hairgead breithlá, Céad Choimíneach no Comhneartú, Nollaig nó eile a choinneáil. Tuigfidh na páistí féin an fiúntas leis seo ar ball.
Is féidir leis an tuimsitheoir féin roinnt beag euro a chur isteach i gcuntas coigiltis in aghaidh na míosa agus beidh luach substaintiúil leis seo nuair a bheidh an páiste ag iarraidh carr a cheannach nó ag dul chun na hollscoile agus iad ag fágáil an leanbaíocht taobh thiar dóibh.
A luaithe a thosaítear ag sábháilt airgid is amhlaidh is fearr.
Mic léinn
Nuair a bhíonn na páistí ar ollscoil bíonn sé níos deacra do na tuismitheoirí á gcaiteachas a smachtú.
In iarracht caitheamh airgid gan srian a mhaolú, is fiú moladh a thabhairt don mhac léinn post páirt áimseartha a fháil le cuidiú le billí a tí a ghlanadh. Cuideoidh sé seo leo bheith níos neamhspleáchaí ar a dtuismitheoirí.
Má tá siad ina gcónaí sa bhaile agus an cumas acu, is fiú cur ina luí orthu gur gá dóibh cuidiú le riaradh an tí. Is féidir leo dochar díreach a shocrú don airgead seo.
Agus má tá sé de chumas agat féin, thiocfadh an t-airgead seo a choinneáil i gcuntas ar leith le tabhairt ar ais dóibh tar éis dá gcéimniú.