Deirtear go bhfuil breis is 800 plandaí in Éireann a bhíonn faoi bhláth. Bíonn siad ar fáil in ár ngáirdíní, i gcoillte, cois farraige, ar sléibhte, i bportaigh agus i neart gnáthóg eile.
Bíonn siad faoi bhláth ag amanna éagsúla i rith na bliana agus is minic go mbíonn ainmneacha éagsúla ar na bláthanna céanna i gceantracha éagsúla. Bí ag faire amach do na bláthanna ar an bpóstaer seo nuair a bhíonn sibh amuigh faoin aer.