Leideanna leis na deora a sheachaint
Is céim mhór é an chéad lá ar scoil i saol an pháiste agus is minic gur lá lán buairimh é don pháiste agus do na tiusmitheoirí araon.
Ainneoin na sceitimíní, bíonn scanradh ann.
Is féidir cinnte a dhéanamh de go mbeidh an lá saor ón strús le pleanáil cuí.
Leideanna
Seo roinnt rudaí ar féidir le tuismitheoirí a dhéanamh lena bpáistí a ullmhú don scolaíocht agus timpeallacht na scoile:
- Déan gníomhaíochtaí scoile le do phaistí sna míonna sula dtosóidh siad ar scoil – gníomhaíochtaí cosúil le tarraingt pictiúr agus léitheoireacht.
- Tabhair cuairt ar an scoil agus ar an seomra ranga le go n-aithneoidh siad an spás ina mbeidh siad.
- Lig do do pháiste bualadh leis an mhúinteoir roimh ré.
Agus na déan a bheag de do chuid buaireamh féin de bharr go bhfuil sé nó sí ag dul ar scoil.
Má tá tú neirbhíseach, mothóidh an páiste go bhfuil tú neirbhíseach. Déan cinnte go bhfuil tú féin séimh agus muiníneach agus mothóidh siad sin uait.
Le go mbeidh tú féin abalta sult a bhaint as an ócáid nuair a fhágfaidh tú an páiste ar scoil:
- Cuir ceist ar an mhúinteoir faoi na céimeanna a ghlactar nuair a bhíonn páiste ag caoineadh.
- Déan cinnte go bhfuil an múinteoir réidh chuncuidiú le haistriú an pháiste ó do chúraim go cúraim na scoile.
- Cuir ceist ar an mhúinteoir faoi struchtúr an lae sa scoil.
Cuideoidh sé leat má tá a fhios agat cad a bhíonn ar siúl.
Ag fágáil slán gan deora
Ba chóir go mbeidh an chéad lá ar scoil ina ábhar ceiliúrtha agus an páiste ag teacht in inmhe. Ach ní i gcónaí gur sin mar a bhíonn.
- Cuir do pháiste in aithne don mhúinteoir arís agus lig dóibh gaol a chothú.
- Déan cinnte go dtuigeann an páiste go bhfuil tú sásta leis an mhúinteoir agus go bhfuil tú muiníneach go bhfuil an múinteoir ag tabhairt aire dó nó di.
- Cuir ceist ar an mhúinteoir an féidir le do pháiste grianghraf teaghlaigh, ainmhí bréagach nó babóg a thabhairt leis/léi ar mhaithe le compord. Ní chóir ligean dóibh an ainmhí is ansa leis a thabhairt mar ní féidir geallúint a thabhairt nach mdéanfaí dochar dó ag páiste eile.
- Nuair atá am imeachta ann, más féidir é, déan cinnte go ndeirfidh tú slán leis an pháiste. Más féidir é a sheachaint, ní chóir éalú amach i ngan fhios. Bíonn an baol ann má tharlaíonn sin go ndéanfar dóchar don iontaobhas abhíonn ag an páiste ionat.
- Nuair a deir tú slán, imigh leat láithreach. Má tá slán fada ann cruthaíonn sé éiginnteacht in intinn an pháiste.
- Déan cinnte go ndeir tu leis an pháiste go mbeidh tú ar ais arís lena bailiú.
- Foghlaim ainmneacha na bpáistí eile sa rang le go mbeidh tú ábalta heileó a rá leo agus do pháiste i láthair.