Bíonn claonadh ag iriseoirí fócas a dhéanamh ar scéalta diúltacha faoi na meáin sóisialta agus is annamh a dhéantar a mhór faoi na buntáistí a bhaineann leis.

Cuireann an guthán póca ar cumas tuismitheoirí teagmháil a choinneáil lena gclann. Tugann an guthán sin deis do na daoine óga féin feidhm a bhaint as na meáin sóisialta. Bíonn siad ag malartú grianghraif lena gcairde agus beidh an spraoi go deo acu.

Is scéal athraitheach é ach de réir cosúlachtaí is é Instagram an t-ardan sóisialta is coitianta i measc an óige ag am scríofa an ailt seo.

Is mó an sult a bhainfidh siad as an ghuthán agus na meáin sósialta agus an seacht theachtaireacht bheag seo a leanas ar eolas acu agus á gcur i bhfeidhm acu

  1. Níl sé fíor

Ní ionann na halbaim ghrianghraf ar a mbeidh siad ag breathnú ar agus an fíor saol.

Bíonn leasaithe leictreonacha curtha i bhfeidhm ar grainghraif agus níl iontu ag roghbhlúire de shaol iomlán an duine.

Ní chóir go mbeidh páistí ag déanamh comparáid idir iad féin agus saolta scagtha daoine eile ar líne.

  1. Ní chiallaíonn sé aon rud

Ní áirítear luach an duine de réir líon na leantóirí atá acu. Bíonn an duine níos doimhne agus níos leithne na líon na leantóirí agus ní chóir do dhaoine óga iad féin a mheas ar an bhonn sin.

  1. Domhan fíorúil de strainséirí

Déan iarracht cur ina luí ar dhaoine óga cuntas príobhaideach Instagram a bheith acu. Cuir ina luí orthu gan bualadh le strainséirí a raibh teagmháil acu leo ar líne.

  1. Ag mothú go dona fút féin

Is blianta deacra iad na déaganna do go leor daoine óga agus iad ag iarraidh a n-áit féin sa domhan a aimsiú.

Má tá siad ag mothú go dona fúthu féin, caithfidh siad a thuiscint nach é Instagram an réiteach.

Is gá cuir ina luí orthu má tá siad ag iarraidh labhairt faoina bhfadhbanna nach é Instragram an t-ardán le haghaidh sin.

  1. Dainséar

Bíonn ábhar dainséarach ar líne agus ar Instragram gur féidir teacht ar de thimpiste – íomhanna d’fhéindochar, mí-úsáid agus eile.

Tá a méid sin d’ábhar dainséarach ann go bhfuil sé deacair ar na húdaráis poilíniú a dhéanamh air.

Tiocfaidh déagóirí ar an ábhar seo ainneoin tuismitheoirí s’acu.

B’fhiú comhrá a dhéanamh faoin dainséar seo agus a chinntiú de go dtuigeann na daoine óga gur féidir leo teacht chugat agus labhairt faoi aon rud a fheiceann siad.

  1. Príobháideachas

Gan aon eolas príobháideach a roinnt ar na mean sóisialta, fiú más teachtaireacht príobháideach é.

  1. Tugtha do na meáin sóisialta

Is féidir éirigh tugtha leis na meáin shóisialta agus Instagram. Tá se tábhachtach mar sin suim in imeachtaí eile a spreagadh, bíodh sin spórt, drámaíocht, ceol nó eile.

Cuideoidh suimeanna eile iad a choinneáil san fhíorsaol seachas, cosa ar an talamh, seachas i saol fíorúil na meáin shóisialta.

Má leantar an dea-chleachtas simplí seo, is feidir leis an ghuthán póca agus na meáin shóisialta saol déagóirí a shaibhriú.

Bíonn buntáistí agus spraoi leis na meáin shóisialta. Bímis airdeallach faoi na rioscaí; glacaimis chugainne féin na buntáistí agus bainimís sult astu.