IS IOMAÍ CÚIS a bhíonn ag tuismitheoirí a chinneann ar an Ghaeilge a labhairt sa teaghlach – cúiseanna cultúrtha, oideachasúla nó féiniúlachta. Pé cúis atá ann, tá cuid mhór buntáistí le baint as an chinneadh. Beirtear páistí le cumas an iliomad teangacha a shealbhú agus dá óige iad is amhlaidh is fearr tabhairt faoi labhairt na Gaeilge leo. Ní mór moladh as cuimse a thabhairt do na teaghlaigh sin a roghnaigh an Ghaeilge agus tá neart taighde idirnáisiúnta a léiríonn na buntáistí a bhaintear as an dátheangachas.
- Buntáistí smaointeoireachta
- Smaointeoireacht chruthaitheach: Bíonn dhá fhocal nó níos mó ag páistí dátheangacha do gach rud agus gach idé. Is minic a bhíonn comhchiall dhifriúil ag focail chomhfhreagracha ó theanga go teanga. Nuair a tharlaíonn a leithéid bíonn de chumas ag an té dátheangach smaointeoireacht a dhéanamh ar bhealaí níos solúbtha agus ilúsáidí. Léiríonn taighde go mbíonn an lucht dátheangach níos líofa lena bhfreagraí ar cheisteanna ceannoscailte.
- Teisteanna Sainuimhir Intleachta: Taispeánann taighde idirnáisiúnta go mbíonn daoine dátheangacha chun cinn ar na daoine aonteangacha atá cosúil leo (inscne, aicme agus aois). Léirigh taighde i gCeanada go mbíonn níos mó fócais ag daoine dátheangacha ar chiall fhocail seachas ar fhuaim fhocail. Tugann seo buntáiste suntasach i bhfoghlaim na léitheoireachta ag aois 4-6 thar dhaoine aonteanga.
- Gaisce curaclaim
Léiríonn taighde i gCeanada, i Stáit Aontaithe Mheiriceá, i dTír na mBascach agus sa Bhreatain Bheag go n-éiríonn ar an mheán níos fearr le páistí dátheangacha i scrúduithe ná páistí aonteangacha. Mar shampla, bíonn daoine dátheangacha níos cruthaithí ina smaointeoireacht agus cuireann sin lena bhfeidhmíocht sa churaclam iomlán. Is cinnte go n-éiríonn seo as na buntáistí a ndearnadh tagairt dóibh thuas ag 1.i.
- Foghlaim an tríú teanga
Bíonn sé níos fusa ag páistí dátheangacha an tríú agus níos mó teangacha a fhoghlaim ná páistí aonteangacha.
- Matamaitic
Léiríonn taighde idirnáisiúnta agus in Ollscoil Luimnigh go mbíonn cumas matamaitice níos fearr ag daoine de réir mar a bhíonn leibhéal níos mó dátheangachais acu. (Ní Ríordáin, M. (2011) Out-of-field Teaching in Post-Primary Mathematics Education: An Analysis of the Irish Context, Ollscoil Luimnigh)
- Dhá oiread níos mó pléisiúir as an léitheoireacht ….
…. agus an scríbhneoireacht. Má tá dhá theanga ag duine bíonn teacht acu ar an dá chorpas litríochta, traidisiúin agus nósanna. Tugtar teacht isteach ar dhá chultúr agus dhá dhearcadh saoil. Tuigeann siad tábhacht struchtúr abairte níos fearr.
- Buntáistí eacnamaíochta agus fostaíochta
De réir Daonáireamh Phoblacht na hÉireann 2011 bhí na rátaí dífhostaíochta do chainteoirí Gaeilge laethúla, d’fhireannaigh agus do bhaineannaigh faoi seach, cothrom le 19.3 agus 10.8 faoin chéad i gcomparáid le 22.3 agus 15 faoin chéad don daonra trí chéile. Léiríonn seo bua ag daoine dátheangacha a bhfuil an scil bhreise teangeolaíochta acu sa mhargadh fostaíochta. Is féidir an scil seo a úsáid in achan chuid den gheilleagar – rannóg an mhiondíola, seirbhísí, iompar, riar, aistriú, na meáin, rúnaíocht, margaíocht, díolachán, an dlí, múinteoireacht agus eile. Ní chinntíonn an dátheangachas obair ach tugann sé buntáiste breise sa mhargadh fostaíochta. De réir mar a rachaidh domhandú ar aghaidh is mó na riachtanais a bheidh ann do dhaoine a bhfuil níos mó ná teanga amháin acu. I gcás na hÉireann de, is í an Ghaeilge an bunús nádúrtha do thógail fórsa oibre a bhfuil an iomad teangacha aige. Dar le taighdeoirí i dtíortha eile, bíonn an meántuarastal idir 5 agus 20 faoin chéad níos airde ag daoine dátheangacha. (5 The Bilingual Edge, leathanach 14.)
- Cumarsáid
Nuair a bhíonn máthairtheangacha difriúla ag tuismitheoirí bíonn sé de bhuntáiste ag páistí a fhoghlaimíonn an dá theanga pé acu teanga is ansa le ceachtar den dá thuismitheoir a úsáid leo. Cuidíonn sé seo le cothú gaoil speisialta leis an bheirt tuismitheoirí. Ligeann seo don bheirt tuismitheoirí cumarsáid a dhéanamh leis na páistí sa teanga is nádúrtha acu. Cinntíonn sé seo go mblaiseann na páistí oidhreacht an dá thuismitheoir araon, agus ceangal idir na páistí agus clann iomlán a dtuismitheoirí. Bíonn fios ag an lucht dátheangach cé acu teanga is fearr le húsáid le daoine. Bíonn siad níos íogaire ar riachtanais a n-éisteoirí ná a bhíonn daoine aonteangacha.
- Féinmheas agus cinnteacht fhéiniúlachta
Bíonn níos mó féinmheasa ag páistí atá dátheangach. Cuireann cumas agus eolas ar an Ghaeilge le cinnteacht fhéiniúlachta an pháiste. Is ábhar bróid agus comhartha í an teanga go bhfuil an páiste mar chuid de phobal Gaelach.
- Luach ar theangacha agus ar chultúir eile
Tagann taithí níos leithne cultúrtha le dhá theanga a chuireann níos mó luacha le difríochtaí cultúrtha. Bíonn an fhéinmhuinín ag an ghnáthdhuine dátheangach le sult agus saibhreas a bhaint as teangacha agus cultúir dhifriúla.
- Sláinte
Chomh maith leis na buntáistí intinne, sóisialta agus eacnamaíocha thuasluaite, tá buntáistí sláinte leis an dátheangachas:
- Foghlaimíonn páistí a bhfuil uathachas orthu conas smaointeoireacht go teibí níos gaiste. Tá cineálacha difriúla uathachais ann agus i gcásanna áirithe bíonn bua ag na páistí seo le teangacha.( Baker, Colin, A Parents’ and Teachers’ Guide to Bilingualism, leathanach 115. )
- Cuireann an dátheangachas moill le forbairt néaltraithe.( http://www.medicalnewstoday.com/articles/216955.php)
Tuairiscítear go gcomhairlíonn oibrithe sóisialta do thuismitheoirí go ndéanann an dátheangachas dochar do pháistí le riachtanais speisialta. Níl aon bhunús leis an chomhairle seo agus moltar do thuismitheoirí a ndeirtear a leithéid leo teagmháil a dhéanamh le Glór na nGael sa chaoi nach ndéanfaidh siad cinneadh bunaithe ar aineolas. Agus na buntáistí thuasluaite ar fad le baint as an dátheangachas ní nach ionadh go bhfuil gluaiseacht na Gaelscolaíochta ag fás léi. Pléifidh an chéad chaibidil eile próiseas sealbhú teanga agus an dátheangachas a thuilleadh.