Seo triú ceann de shraith alt ar thromaíocht.

Pléann an t-alt seo cad é mar is féidir an tromaí féin a laimhseáil.

Tarlaíonn sé in amanna nach dtuigeann tromaithe impleachtaí iompar s’acu féin nó go dtuigeann siad ach nach a bhfuil a fhios acu cad é mar is féidir leo stop a chur lena n-iompar féin.

Is é sin go mothaíonn siad i suíomhanna áirithe sóisialta gur sin a ról. B’fhéidir go bhfuil an t-iompar trodach nó bagrach fréamhaithe i rudaí dúshlanacha atá ag tarlú dóibh ar scoil nó sa bhaile.

Tá sé tábhachtach dul i ngleic leis na páistí seo a luaithe agus is féidir.

Is mó seans go mbeidh baint ag páistí le hiompar frithshóisialta eile nuair a chríochnóidh siad ar scoil má leanann iompar s’acu ar aghaidh ar feadh tréimhse fada.

Má tharlaíonn sin, thiocfadh dó go mbeidh tromaíocht ina treith saoil acu.

Cén fáth go ndéanann páistí tromaíocht?

Is iomaí cúis ar féidir bheith taobh thiar d’iompar tromaíochta:

  • Easpa féin-mhuiníne
  • I dtaithí ar gach rud a bheith acu ar a mbealach féin.
  • I dtaithí ar iompar bagrach sa bhaile.
  • Athruithe ina saol pearsanta sa bhaile nach féidir leo ciall a dhéanamh as.
  • Deacrachtaí le scileanna cumarsáide.
  • Ag iarraidh gaisce a dhéanamh i measc a gcairde.
  • Easpa tuisceana ar mhothúcháin daoine eile.
  • Ag iarraidh mothúcháin smachta a bheith acu ar dhaoine eile.
  • Páistí a dhearnadh tromaíocht orthu féin.

Má chreideann tú go bhfuil do pháiste i mbun tromaíochta ar pháistí eile, is gá labhairt leo faoi.

Tá gach seans ann go séanfaidh siad go bhfuil  a leithéid ar bun acu nó go ndéarfaidh siad nach bhfuil i gceist leis amaidí agus spraoi.

  • Ná déan neamh-aird ar thromaíocht. Glac líomhaintí go dáiríre.
  • Má tú bunús leis na líomhaintí, tá do chuid tacaíochta de dhíth ar an pháiste.
  • Déan iarracht ciall a dhéanamh as a bhfuil ar siúl trí chomhrá duine ar dhuine le do pháiste.
  • Déan plé ar an dóchar a dhéantar trí thromaíochta agus déan cinnte de go dtuigeann an páiste sin. Tuigfidh an páiste gurb é an dóchar atá dalba seachas gur páiste dalba é nó í féin.
  • Déan plé faoi na rudaí gur féidir a dhéanamh le deireadh a chur leis an iompar.
  • Tabhair moladh do do pháiste nuair a chomhoibríonn siad.
  • Déan iarracht gan an pháiste a náiriú. Ná bain úsáid as téarmaí cosúil le tromaí ach bí fócas ar an iompar seachas fócas ar an pháiste féin.

Cuidíonn sé más féidir machnamh a dhéanamh ar a mbíonn ar siúl sa bhaile.

An bhfaigheann an páiste gach a iarrann sé? An mbíonn coimhlintí sa teach? Ar tharla athruithe móra sa bhaile ar na mallaimh?

Is é an tuismtheoir an múinteoir is tábhachtaí i saol an pháiste. Is gá bheith ina eiseamlair agus taispeán cad é mar a bhainístear fearg agus mothúcháin diúltacha.

Spreag an páiste le páirt a ghlacadh i gcaitheamh aimsir atá dearfach, club spóirt nó club óige.

Spreag iad le cuidiú in obair an tí nó rudaí eile a thabharfaidh freagracht dóibh agus a chuirfidh lena bhféinmheas.

Faigh amach an bhfuil páistí eile bainte leis an tromaíocht. Mínigh nár chóir dóibh páirt a ghlacadh i dtromaíocht atá daoine eile ag cruthú.

Iarr ar an scoil thú a choinneáil ar an eolas má ta deacrachtaí nó gearanta eile ann.

Déan cinnte de go gcaithfidh tú am leis an pháiste, ag caint agus ag éisteacht, ag foglaim faoi cad atá tábhachtach dóibh.

Is minic gur tromaí é an duine a bhfuil riachtanais eile acu nach bhfuil comhlíonta.

Mol iad nuair a bhíonn moladh tuillte.

Tromaíocht idir siblíní

B’fhéidir gur sa bhaile atá an tromaíocht ar siúl. Ar tharla aon rud atá ag imirt tionchar ar na páistí.

  • An dtugtar neamhaird ar aon cheann de na páistí ar chúis éigin?
  • An bhfuil tú ag caitheamh a dhotháin ama le gach páiste?
  • Cad é mar atá cumarsáid sa teaghlach féin?
  • An mbíonn deis ag teaghlach am a chaitheamh le chéile?

Déan comhrá oscailte faoi fhadhbanna le tromaíocht a bhainistiú.

Mínigh an dóchar a dhéanann tromaíocht gan taobhanna a ghlacadh

Cuir am ar taobh do gach páiste agus déan cinnte de go mbíonn deis ag an teaghlach bheith le chéile mar theaghlach.

Is féidir le tromaí foghlaim faoin dóchar a dhéanann iompar s’acu agus an iompar sin a athrú ach tacaíocht duine a bheith acu.

Tá an t-alt seo bunaithe ar comhairle atá foislithe ag Tusla.