Le teachta an Fhómhair, bíonn cuairteoirí ag teacht chun tí againn.
Ag deireadh an tsamhraidh imíonn an damhán alla fireann ag spaisteoireacht leis ar lorg cara baineann le clann a bheith acu.
Tugann turas s’acu iad isteach chuig ár dtithe, áit nach bhfaigheann siad fáilte croíúil na hÉireann.
Aracnafóibe
Bíonn eagla, nó aracnafóibe, ar go leor againn roimh na créatúir bheaga ocht-gcosach seo. Eagla nach bhfuil ciall leis (don chuid is mó).
Ainneoin an cuma salach dáinséarach atá orthu, nil dóchar ar bith iontu dúinne.
Is cuma cé chomh maith agus atá na doirse agus na fuinneoga dúnta daingnithe, aimseoidh an damhán alla bealach isteach sa teach.
Bhí nós ag mo mhámaí féin insint dúinn faoi na fiacla móra a bhíonn ag damháin alla agus go mbíonn na fiacla ag timpeallú leath bhealach thart ar an cheann ag an damhán alla.
Bhaineamar spraoi a scéalta scanrúla as ach níor chuidigh sé linn a thuigbheáil an tábhacht a bhaineann leis an damhán alla don timpeallacht.
Is ábhar iontais é go rabhamar ábalta dul a chodladh san oíche ar chor ar bith.
Dóibh siúd a fhulaingníonn le haracnafóibe
Má tá tú nó do pháistí ag fulaingt le haracnafóibe, is féidir na céimeanna seo a leanas a leanúint:
- Déan folúsglantóireachta go rialta;
- Glan cuilleoga agus feithidí marbha ar shiúl;
- Leaba damhán alla a ghlanadh ar shiúil;
- Líon isteach aon bhearnaí i mballaí an tí, istigh agus amuigh; agus
- Cuir teorainn le soilse lasta san oíche, tarraigníonn soilse lasta cuileoga agus leathain a itheann na damháin alla.
Ach ní chóir go mbeimís ar mhisiún fáil réidh leis an damhán alla. Is féidir leis bheith ina chomhghuallaí linn.
Má thagann tú ar ceann sa teach nach maith leat, faigh píosa páipéar agus gloine agus déan iarracht é a iompar amach gafa sa ghloine in áit é a mharú.
An réiteach
Bíonn deis ag tuismitheoirí cuidiú le páistí fanacht saor ó aracnafóibe.
Ba chóir cur ina luí ar páistí gur ar an damhán alla a bhfuil an scanradh is mó; go ritheann siad uainn mar go gcreideann siad gur fathaigh muid.
Is féidir a mhíniú go gcoinneoidh an damhán alla smacht ar aon fheithidí eile atá ag iarraidh baile a dhéanamh dóibh féin sa teach.
Bitheolaíocht
Tá ról tabhacht ag an damhain alla san éiceolaíocht, is coinníonn siad bithéagsúlacht inár ngairdíní agus sa dúlra.
Má tá leaba damháin alla ann nach dtugann mórán bia dóibh, imeoidh sé le ceann eile a chruthú áit éigin eile.