Cad is féidir a dhéanamh le páistí a chosaint ó bhulaíocht i ré na meán sóisialta?
Bíonn na gléasanna cumarsáide cosúil le ríomhairí agus ghutháin phóca chliste fiúntach agus tairbheach. Ach baintear mí-úsáid astu in amanna le daoine eile a chiapú.
Níos minice ná a chéile bíonn lucht seolta teachtaireachtaí a chiapann daoine eile ar lorg freagra agus moltar gan an sásamh sin a thabhairt dóibh.
Coimeád an teachtaireacht
Ní gá teachtaireachtaí maslacha a léamh ach moltar iad a choimeád agus nóta a ghlacadh de dhátaí agus amanna. Beidh an t-eolas seo tábhachtach do na Gardaí más gá dóibh an scéal a fhiosrú.
Cuir bac leis an seoltóir
Ní gá d’éinne cur suas le haon duine atá á gciapadh. Má chuireann daoine isteach ort ar líonriathe shóisialta nó ar an ghuthán is féidir iad a bhlocáil tríd an cnaipe blocála a chliceáil.
Is féidir cumarsáid a shrianadh do liosta teagmhála ceadaithe.
Ní féidir le comhlachtaí guthán bac a chur ar uimhreacha ach cabhróidh siad chun d’uimhir a athrú i gcás ciaptha tromchúisigh.
Tuairiscigh fadhbanna
Ba chóir comhairle a chur ar pháistí faoin tábhacht atá le labhairt amach i gcás bulaíochta.
Ba chóir eachtraí tromchúiseacha a d’fhéadfaí bheith mídhleathach a thuairisciú do na Gardaí.
Eolas Pearsanta
Ba chóir do thuismitheoirí a dheimhniú nach scaoileann páistí eolas pearsanta ar líne, ar láithreáin ghréasáin nó le daoine nach bhfuil aithne acu orthu.
Airítear ainm, seoladh, uimhir fhóin, seoladh rphost, grianghraf dóibh féin nó aon eolas airgeadais cosúil le huimhreacha chuntais bainc i measc eolais phearsanta.
Cibearbhulaíocht
Séard is bualaíocht ann ná ionsaí nó iompar fisiciúil ó dhuine aonarach nó grúpa i gcoinne dhaoine eile. Bíonn droch-eifeacht ag an iompar ar fholláine an íospartach.
Cuirtear cibearbhulaíocht i gcrích ar an idirlíon, fhón póca nó ghléasanna eile teicneolaíochta.
Baineann cibearbhulaíocht go ginearálta le bulaíocht shíceolaíoch in ionad bulaíocht fisiciúil ach go minic is cuid de phatrún níos leithne de bhulaíocht.