Is féidir le foghlaim conas bréagáin agus milseáin a roinnt bheith dúshlánach do pháistí óga.
Ach ní chóir éadóchas a bheith orainn. Tá rudaí gur féidir a dhéanamh leis an scéal a réiteach.
Cosúil le scil ar bith, bíonn am agus deiseanna de dhíth leis an scil sóisialta seo a fhorbairt.
Cén fáth a bhfuil roinnt tábhachtach
Is scil saoil é roinnt. Cuidíonn sé le leanaí cairde a dhéanamh agus a choinneáil; is gníomh lárnach é gach uair a bhíonn páistí ag súgradh le chéile.
Tugann an scil seo tuiscint do pháistí ar cad is cothrom na féinne ann agus cinntíonn sé go lorgfaidh siad cothromas dóibh féin agus iad ag fás aníos.
Cuireann sé le scileanna idirghgabhála agus cumasaíonn sé iad plé le díomá. Is é sin, má thugann tú, faigheann tú.
Ag foghlaim faoi roinnt
Foghlaimíonn páistí cuid mór óna dtuismitheoirí.
Má bhíonn tuismitheoirí ag roinnt agus ag déanamh sealaíochta, tugann sé sampla maith do na páistí féin.
Bíonn a gcuid deiseanna féin de dhíth leis seo a chleachtadh:
- Nuair a bhíonn roinnt á dhéanamh ag páistí eile, déan a mhór de. Is féidir rudaí a rá cosúil le “Nach raibh x iontach deas ag roinnt a chuid bréagán.”
- Nuair a bhíonn do pháiste féin ag roinnt bí cinnte ardmholadh a thabhairt dó;
- Imir cluichí a bhfuil roinnt agus sealaíocht ina gcuideanna lárnacha dóibh;
- Má tá páistí eile ag teacht ar cuairt, abair sula dtiocfaidh siad go mbeidh roinnt na mbréagán i gceist.
Más é nach maith le do pháistí ag roinnt rudaí, ba chóir duit cleachtadh leo: “Déanaimis an t-úll seo a roinnt. Beidh cuid agam agus cuid agatsa.”
Má tá fadhbanna ag do pháistí ag roinnt, ní hionann é agus cúis gan páistí eile bheith ar cuairt sa teach agus b’fhiú fanacht taobh leo agus roinnt a spreagadh agus a mholadh.
Má tá bréagán ar leith atá speisialta do do pháistí nach maith leo a roinnt is fiú é a chur ar shiúl sula dtiocfaidh cuairteoirí.
Is gá tosú agus iad óg
Nuair a bhíonn páistí ró-óg ní thuigeann siad coincheap rudaí a roinnt. Ní thuigeann tachráin nach ionann roinnt agus tabhairt ar shiúl.
Bíonn sé deacair ag tuismitheoirí tachrán móran á dhéanamh seachas sampla a thabhairt agus roinnt a mholadh. Is féidir rudaí a rá cosúil le: “An bhfaca tú an mioghaire a chur tú ar Seán nuair a roinn tú!” Tabhair borróg le do shásamh féin a léiriú.
Nuair nach roinneann siad
Nuair a bhíonn páistí rud beag níos mó, ag aois a trí nó níos sine agus ag diúltiú roinnt, is féidir an bréagán atá mar ábhar tinnis a bhaint ar shiúl ar fad.
Sa dóigh seo, foghlaimeoidh siad muna mbíonn roinnt ar siúl ní bhaineann éinne tairbhe as an bhréagán. Cuireann sé seo iad ag smaoineamh ar cad tá de dhíth orthu le bheith ag súgradh le chéile.
Nuair a bhíonn siad réidh is féidir an bréagán a thabhairt ar ais le deis a thabhairt dóibh é a roinnt.
Ná déanaimis dearmad ar an mana is fearr linn, mol an óige agus tiocfaidh sí!