Tá coimitmint na hóige don timpeallacht agus tiomántas droch nósanna na nglúinte a d’imigh roimpi a cheartú go mór sná meain ar na mallaibh.

Cuirtear fáilte fhorleathan roimhe seo ach ní shaorann sé glúin na dtuismitheoirí ón jab atá idir láimhe.

Is féidir nósanna a thosú sa bhaile ar nósanna iad a nglacfaidh páistí óga leo amach anseo.

Is fiú na gníomhaíochtaí seo a leanas a dhéanamh le páistí chun go bhfoghlaimeoidh siad cad tá le déanamh.

Cuimhnigh, cruthaíonn athchúrsáil poist agus cuireann sé leis an gheilleagar.

  • Déan comhrá le do pháistí faoi cén fáth a ndéantar athchúrsáil agus an dóchar atá a dhéanamh don domhain leis an truailliú.
  • Déan scrúdú ar shuíomh gréasáin na comhairle áitiúla le fáil amach cad iad na seirbhísí athchúrsála atá ar fáil sa cheantar. Fiosraigh cá bhfuil an t-aonad áthchúrsála d’earraí contúirteacha cosúil le cadhnraí, bolgáin nó eile.
  • Labhair le páistí óga faoi na rudaí gur féidir athchúrsáil agus cad nach féidir a athchúrsáil agus an córas athchúrsála atá i bhfeidhm sa cheantar. Mínigh cén fáth go bhfuil dathanna difirúla ar na boscaí bruscair. Is féidir cluiche a dhéanamh de seo, ag iarraidh ar an pháiste tomhas a thabhairt cé acu bosca bruscair ina dtéann rudaí plaisteacha nó eile.
  • Tá sé tábhachtach nós athchúrsála a thosú sa teach. Is féidir araidí difriúla bruscair a bheith sa teach do na cineálacha difriúlacha rudaí a athchúrsálfar. Iarr ar pháistí cuidiú le hábhar athchúrsála a chur san araid cheart.
  • Is fiú labhairt le daoine óga agus iad ag siopadóireacht leat faoi na rudaí atá tú ag ceannach sna siopaí agus faoi na rudaí gur chóir a sheachaint mar gheall ar róphacáistiu. Moltar earraí inathfhillte mar gearrann sé sin siar ar phacáistiú.
  • Ceannaigh earraí athchúrsáilte nuair is féidir agus seachain earraí aon uaire is indiúscartha.
  • Agus sibh ar phicnic, mínigh an riaill ‘ná fág rian’ agus tugaigí bhur mbruscar abhaile libh