Is am spraiúil é an Nollaig nuair a bhíonn fócas againn ar na páistí.
Tá muid uilig ag dúil leis an lá mhór, na haghaidheanna lán sásaimh, ag suí cois tine, suaimhneas agus sábháilteacht ár dtí is teaghlaigh féin.
Ní shin mar a bhíonn i gcónaí! Bíonn mothúcháin eile a thagann chun cinn.
B’fhéidir go mbíonn díoma ar páistí nach bhfuair siad mian a gcroíthe ó Dhaidí na Nollag, nó tuirse orthu de bharr nár chodail siad i gceart agus frustrachas orthu de bharr iad a bheith istigh don lá ar fad má tá droch-aimsir ann.
Ní bhíonn droch-iompar ar siúl ag páistí óga ar mhaithe leis an donas. Ní thuigeann siad cén fáth go mbíonn siad as alt in amanna. Níl na scileanna acu lena mothúcháin féin a oibriú amach.
Éiríonn an frustrachas sin i gcruth droch-iompair – caoineamh, racht feirge, screadaíl agus eile.
Ní rud aisteach é seo. Is cuid den phróiseas fás-aníos.
Cad é an bealach is fearr le hiompar dúshlanach a láimhseáil?
Níl aon leigheas simplí ann agus tá sé tábhactach gan bua a thabhairt don bhrú a chruthaíonn droch-iompar. Bíonn a straitéisí féin ag tuismitheoirí lena riaradh agus a smachtú.
Tiúin do chuid chainte
Tá cumhacht ag do ghuth agus is féidir achrann a réitreach le tiuín do chuid cainte. Bí ag caint go séimh agus ná lig don fhearg an lámh in uachtar a fháil. Bain úsáid as focail dearfacha.
Abair “Glan suas do chuid bréagáin” seachas “Ná déan preachas.”
Éisteacht agus miniú
Spreag an páiste lena chuid mothúcháin a mhíniú. Bíonn sé níos fusa dóibh iad féin a mhíniú nuair nach mbíonn an tuismitheoir ag caint anuas orthu.
Más gá duit rud éigin a dhiúltú don pháiste tabhair míniú ar an cinneadh sin.
Má tá tú ag iarraidh go gcloífidh siad le rialacha iompar, déan na rialacha a mhíniú go soiléir le fathanna intuigthe.
Nuair a éiríonn páistí níos mó is féidir na rialacha a phlé níos doimhne leo.
Leanúnachas
Tá sé tábhachtach go mbeidh leanúnachas sna rialacha. Má deir tú nach gceadaítear rud, tá sé tábhacht fanacht dílis don riail agus racht feirge a réiteach le haird an pháiste a tharraingt ar rud éigin eile.
Coinnigh na rialacha simplí agus ná tabhair gealltúnas nach féidir leat a chomhlíonadh.
Nuair a bhíonn tú crosta is gá sin a rá agus a mhíniú. Tá sé tábhachtach go dtuigeann siad gurb é an droch-iompar nach maith leat seachas na páistí féin.
Deán mionghaire agus tabhair croí isteach.
Seachain an droch-iompar
In iarracht droch-iompar a sheachaint sula dtarlóidh sé, seo roinnt leideanna:
- Seachain deochanna fiosaí agus milseáin lán-dathanna;
- Cuir teorainn ar an am a caitear os comhair scaileáin leictreonacha, ar ríomhaírí agus gutháin;
- Tapaigh deis gníomhaíochtaí taobh amuigh a dhéanamh, siúlóid sa pháirc nó cluichí sa ghairdín;
- Is gá go mbeidh gnáthamh ann ó thaobh amanna leapa de;
- Ná dean comparáidi idir iad agus páistí eile; agus
- Is fiú gach deis a thapú iompar maith a mholadh.