-
Gaeilge ag tuismitheoir amháin, Béarla ag tuismitheoir eile. Cónaí orthu i Sasana.
Is as Cill Chainnigh d’Eibhlín ach tá sí ag cur fuithi anois i Norfolk, Sasana lena fear agus a n-iníon. D’fhreastail Eibhlín ar bhunscoil agus meánscoil Ghaeilge ach ní raibh Gaeilge sa bhaile aici. Tá a hiníon bliain go leith d’aois anois agus labhraíonn Eibhlín Gaeilge léi sa bhaile. Níl ach cúpla focal Gaeilge ag fear Eibhlín go fóill ach tuigeann sé féin an tabhácht a bhaineann le páiste a thógáil le Gaeilge agus tá sé sásta go mbeidh cúpla teanga ag a pháiste.
Tá beirt dearthair ag Eibhlín atá ag tógáil a bpáistí le Gaeilge fosta. Mar a tharlaíonn sé, níl cónaí ag ceachtar acu siúd in Éirinn ach an oiread. Tá duine acu ina chónaí i Montreal agus duine eile san Ostair. Ar ndóigh, tá cúpla teanga difriúla sna háiteanna siúd mar sin tá taithí cineál éagsúil ag na páistí siúd, ach tá Eibhlín ag foghlaim cuid mhaith óna neachtanna agus iad ag fás aníos le Gaeilge. Síleann Eilblín gur mar gheall nach bhfuil cónaí orthu in Éirinn ar chinn siad na páistí a thógáil le Gaeilge, go pointe, mar go bhfuil siad ag iarraidh go mbeidh nasc láidir acu lena ndúchais. Cé go bhfuil deacracht go leor le páiste a thógáil le Gaeilge taobh amuigh d’Éire, síleann sí go bhfuil saoirse áirithe ag baint leis mar ní thuigeann daoine gur Gaeilge atá sí ag caint agus ní thugtar aird ar bith uirthi.
Cinneadh deacair a bhí ann d’Eibhlín a páiste a thógail le Gaeilge ach bhí sí ag iarraidh go mbeadh nasc ag a hiníon lena teanga dhúchais agus an áit arb as di. Is é Béarla céad teanga Eibhlín agus ní mhothaíonn sí iomlán muiníneach as a cuid Gaeilge ach tá sé go fóill iontach tábhachtach di go bhfuil Gaeilge sa teach agus go dtabharfaidh sí cibé teanga atá aici dá hiníon.
Labhraíonn Eibhlín Gaeilge agus í ag caint díreach lena hiníon ach cluineann an páiste Béarla uaithi fosta agus iad sna siopaí nó ag caint le teaghlach a fir. Ar ndóigh, caitheann Eibhlín lear mór ama lena hiníon anois mar gheall nach bhfuil sí ag dul ar scoil go fóill agus cé go bhfreastalaíonn sí ar an naíonra, tá sí giota ró-óg le tuigbheáil nach bhfuil Gaeilge ag na páistí eile. Ba mhaith léi cur ina luí ar a hiníon gur ‘fíor-teanga’ í an Ghaeilge, cé go mbíonn cuma air in amanna nach labhraíonn ach an bheirt acu í. Níl a hiníon ach óg go fóill ach tá Eibhlín ag dúil go mbeidh neart ceisteanna aici faoina teanga agus í ag fás aníos.
Bíonn sé dúshlánach go leor do Eibhlín a hiníon a thógáil le Gaeilge mar gheall nach bhfuil mórán tacaíochta ann di. Mothaíonn sí go mbeadh sé níos fusa di dá dtiocfadh léi bualadh le tuismitheoirí eile atá ag tógáil a gcuid bpáistí le Gaeilge. Bíonn deacrachtaí aici in amanna ó thaobh tearmaíochta agus focail de agus mothaíonn sí go mbeadh sé an-úsáideach dá dtiocfadh léi freastal ar chiorcal comhrá nó rud éigin den chineál sin ionas go mbeadh níos mó muiníne aici ina cuid Gaeilge féin. Baineann sí úsáid as físeáin Gaeilge ar Youtube do pháistí agus tá lear mór leabhair acu a léann sí lena hiníon.
Cé go bhfuil lear mór físeáin ar fáil ar Youtube, síleann Eibhlín go bhfuil cuid de na rudaí dírithe ar pháistí giota beag níos sine ná a hiníon féin. Amharcann siad ar rudaí Béarla ar an teilifís fosta agus bíonn na rudaí sin níos fóirsteanaí do pháiste atá bliain go leith d’aois ná na rudaí Gaeilge ar Youtube. Ba mhaith léi go mbeadh níos mó rudaí simplí ar fáil d’aois níos óige. Mar aon leis sin, in amanna bíonn sé deacair uirthi teacht ar rudaí atá fóirsteanach agus í faoi dheifir nó nuair atá a hiníon ag fanacht léi. Bheadh sé tairbheach dá mbeadh rudaí leagtha amach de réir aoisghrúpa nó dá mbeadh gréasán ann ionas go mbeifí in ann teacht orthu go furasta.