Le Áinín Uí Chasaide

Ó mhí Dheireadh Fómhair go mí na Nollag 2020, ghlac 5 theaghlach ó chontaetha Ard Mhacha agus Mhuineacháin páirt i scéim úr de chuid Ghlór na nGael darbh ainm Gaisce Ghlór.

Ag am tráthúil a cuireadh an scéim seo ar fáil do na teaghlaigh agus na páistí ar ais ag foghlaim ón bhaile mar gheall ar chúinsí Covid-19 agus dúnadh na scoileanna. Is páistí Gaelscoile iad na páistí uilig ach tá caighdeánacha éagsúla Gaeilge ag na tuismitheoirí a ghlac páirt sa scéim. Mar sin, agus de bhrí go raibh ar na tuismitheoirí leanúint leis an obair, bhí siad buartha go dtitfeadh an Ghaeilge ar leataobh agus go mbeadh an t-am á chaitheamh ag na páistí ag amharc ar chláir Bhéarla ar an teilifís, ag léamh leabhar Béarla agus ag imirt cluichí ríomhaireachta trí Bhéarla.

Chuidigh an scéim seo leis an fhadhb áirithe sin a réiteach. Bronnadh cairt ar gach teaghlach le 25 rogha air ó thaobh labhairt na Gaeilge de mar theaghlach, rudaí ar nós, “cluiche boird Gaeilge a imirt” agus “comharthaí Gaeilge a chur timpeall an tí”. Chomh maith leis sin, fuair siad greamán le cur ar gach sprioc nuair a bheadh sé bainte amach acu. D’iarr muid ar na teaghlaigh 15 de na spriocanna a bhaint amach roimh an Nollaig le duais bheag a fháil uainn, agus thug siad faoi go díograiseach, ag tabhairt tacaíochta agus spreagadh dá chéile ar an Ghrúpa WhatsApp a bhí againn.

Mar sin, cúpla lá roimh an Nollaig, bhí mé in ann teastas agus duais bheag a bhronnadh ar na páistí ar leac an dorais acu, agus comhghairdeas a ghabháil leo as an tréaniarracht a rinne siad an Ghaeilge a labhairt i rith an ama.

Is léir go raibh tionchar dearfach ag an scéim ar líon na Gaeilge a labhraíodh sa teach, idir pháistí agus thuismitheoirí. Mar a dúirt duine acu liom, “bíonn sé deacair na páistí a spreagadh le Gaeilge a labhairt go minic ach bhí spraoi i gceist leis an scéim seo agus mar sin bhí siad an-sásta tabhairt faoi leis na greamáin a chur ar an phóstaer” agus mhothaigh duine eile go ndearna na tuismitheoirí féin iarracht níos fearr cibé Gaeilge atá acu a úsáid, “It did motivate us to try and use the Irish we have and search for the Irish we don’t!”

Is cosúil mar sin go mbíonn cleasanna cliste de dhíth anois is arís le páistí agus daoine fasta a spreagadh a gcuid Gaeilge a úsáid. Cad iad na modhanna a úsáideann sibh féin sa bhaile?