Beatha duine a thoil
Bíonn roinnt páistí ann a deireann nach maith leo glasraí, ach tá rogha íontach glasraí ar fáil le blasanna éagsúla orthu ar fad. Is fiú rogha mór glasraí a chur ar fáil do pháistí i slite éagsúla. Bíonn bataí glasraí úra go deas le húmas, im piseanna talún nó iógart. Nó is féidir meascán dóibh a chur in anraith, strúisín nó curaí. Bí cruthaitheach!