Le Áinín Uí Chasaide
When I was working as a Gaelscoil teacher ten years ago, there were few teaching aids available and we had to create everything from scratch, which added a lot to the workload. Anois, tá réimse leathan d’áiseanna teagaisc ar ardchaighdeán as Gaeilge ar fáil, rud atá an-tábhachtach ní amháin le hardchaighdeán oideachais a sholáthar ach le cuma na gairmiúlachta a chinntiú don Ghaeloideachas agus d’earnáil na Gaeilge go ginearálta.
Tá an rath seo ó thaobh áiseanna Gaeilge i ndiaidh leathnú amach go dtí rudaí eile; cártaí; pictiúir, priontaí agus féiríní. Is céim eile é seo in athbheochan na Gaeilge ar fud na tíre agus is léir go bhfuil éileamh ann dá leithéid. Tacaíonn na rudaí seo go mór leis an teaghlach Gaeilge fosta agus tá sé níos fusa ná riamh atmaisféar Gaelach a chruthú sa teach, a bhuíochas leis na gnónna beaga Gaeilge atá á mbunú ar Instagram agus eile.
Taobh amuigh de leabhair, ar ábhar ailt ann féin iad, tabharfaimid spléachadh ar roinnt den ábhar atá ar fáil.
Bréagáin agus Cluichí
Údar– Is é Údar an t-ardán díolacháin atá ag Glór na nGael. Cruthaímid agus díolaimid ár gcluichí agus puzail féin agus cuirimid leaganacha Gaeilge de chluichí clúiteacha ar nós Scrabble, Monopoly agus Cluedo ar fáil.
Cluiche.ie – Tá idir chluichí boird, chluichí cártaí agus eile ar an suíomh seo, le go mbeidh spraoi agus foghlaim ar siúl ag an am céanna.
Alphabet Jigsaws– Tá sé chinn de mhíreanna mearaí Gaeilge ag an chomhlacht seo. Tá siad ar ardchaighdeán agus beidh siad agaibh go deo.
Breacadh Acmhainn Aosoideachas Gaeltachta– Tá cúpla cluiche focal deartha agus eisithe ag an dream seo, Sciob Sceab agus Faire Focla. Is féidir an dara ceann a fháil saor in aisce ach ríomhphost a chur chucu.
Rí na bhFocal– Cruthaithe agus deartha ag daltaí na hidirbhliana do chomórtas ‘Clár na gComhlachtaí’, is cluiche iontach é seo le cur le stór focal na bpáistí.
Pictiúir, Priontaí agus Earraí Tí
Connect the Dots Design – Tá neart earraí galánta Gaeilge ar fáil ar an suíomh seo; cártaí do gach ócáid, priontaí agus stáiseanóireacht. Is féidir iad a cheannach go díreach ón suíomh nó ó shiopaí fud fad na tíre.
Crafts You’ll Love – Le haghaidh rud éigin go hiomlán difriúil, amharc ar an chúisín foghlama seo a léiríonn na dathanna, na huimhreacha agus laethanta na seachtaine ar chúisín galánta. Is féidir pearsanú a iarraidh air fosta.
Scéal Beag Designs – Tá neart priontaí nua-aimseartha Gaeilge déanta ag an dearthóir seo, agus tá rud ann do gach seomra sa teach. I measc na gcinn is deise, dar liom, tá an pacáiste Mini Gaeilgeoir, tacair de 6 phrionta álainn do sheomra leapa an linbh.
Nine Arrow – Is le Catherine Geaney an siopa seo agus díolann sí priontaí deasa Gaeilge, go leor acu bunaithe dírithe ar an dúlra.
Giota Beag Gaeilge – Díolann an siopa beag seo féilire deisce le seanfhocal difriúil do gach uile lá. Tá níos mó le teacht ón chomhlacht seo chomh maith.
Girseach – Is as Muineachán d’Eilíse, cé go bhfuil sí lonnaithe i dTír Chonaill agus is é sin an áit a bhfaigheann sí ionspioráid dá priontaí agus cártaí áille.
Dúrud – Is féidir aon ócáid a Ghaelú leis na balúin atá ar fáil ar an suíomh seo.
Éadaí
Spailpín – ar an fhód le tamall ach chomh gleoite is a bhí riamh. Tá t-léinte, geansaithe agus casóga Gaeilge ar fáil ón suíomh seo, chomh maith le neart eile.
Gaeilgheansaí – Tá geansaithe, hataí agus t-léinte ar an suíomh seo atá simplí ach faiseanta agus compordach.
Irish Glow – Tá réimse Gaeilge agus réimse Oghan éadaí ar fáil ón chomhlacht bheag seo, do pháistí agus do dhaoine fásta.
Hoopla Focal– Is féidir leatsa na focail nó na ráitis ba mhaith leat a roghnú le cur ar mhálaí, gheansaithe nó t-léinte. Tá éiteas láidir inbhuanaithe ag an chomhlacht seo, agus baintear úsáid as ábhar athchúrsáilte nó gearrthóga.
Beanatees – Is féidir éadaí Gaeilge a cheannach ón suíomh seo bunaithe ar an dearfacht, feimineachas agus ar an ilchinéalacht.
A Few Focail – Tá neart éadaí gleoite Gaeilge le fáil ón suíomh seo do gach aois.
Baile Clothing – Tá éiteas láidir inbhuanaithe ag an chomhlacht seo chomh maith. Ní amháin go bhfuil na héadaí féin orgánach ach is féidir na lipéid a chur sa talamh le síolta a fhás nuair atá tú réidh leo agus is féidir an pacáistiú uilig a athchúrsáil.