Is olc an ghaoth nach séidean maith do dhuine éigin.

Scéal gairid le Liam de Lása

Shuigh Róisín ar imeall an toilg agus í ag cíoradh chruatan an tsaoil ina ceann. Bhí súil sall agus súil abhus aici ag tabhairt gach aon ní faoi deara taobh amuigh.

An ghrian ag scalladh anuas ar na tithe, fad is leithead an eastáit. Ba dhóigh leat go raibh biaiste an tsamhaidh buailte linn ón radharc álainn ó thigh Uí Chadhain an tráthnóna séimh san.

De gnáth bheifí ag súil le tarrac agus fuirseadh na bpáistí áitiula amuigh ar an bhfaiche, ach in ionad geoin a nglórtha, bhí ciúnas diamhair tithe ar an áit le roinnt seachtainí anuas.

Bhí Róisín agus a cairde ag baint lán sásaimh as a laethanta scoile nuair a tháinig clabhsúr obann leo.

Tháinig leathadh ar a súile le háthas ar ndóigh, nuair a fógraíodh go mbeadh tamall saor acu ón scoil, ach tá fonn cuideachta agus fonn cleachtaidh uirthi ó shin.

Braitheann sí a cairde go mór uaithi agus bhí an saol suaite sa tigh ó thús na géarchéime ar aghaidh.

Níorbh é an easpa chomhluadair amháin a bhí ag dó na geirbe di. Chuimhnigh sí ar na ranganna breátha agus na ceachtanna a bhí á chailliúint aici ag fanacht ón scoil gach lá.

Taibhsíodh di go raibh am curtha amú aici, toisc gur aithin sí ról na scoile ina saol. “An mbeidh mé fágtha ar an trá fholamh an bhliain seo chugainn?” a smaoinigh sí. Conas a bhféadfadh sí dul ar aghaidh bliain amháin eile gan ceachtanna nua foghlamtha aici?

D’airigh a mháthair go raibh rud éigin ag cur as di chomh luath is a sháigh sí a ceann isteach tríd an doras leathoscailte idir an chistin agus an seomra suí.

Bíonn Róisín lán de rógaireacht sa tigh i gcónaí ach ba rí-shoiléir nach amhlaidh a bhí an tráthnóna úd.

Bíonn cumhacht speisialta ag máithreacha a bhfuil ag cur isteach orainn a aithint agus bhí fios fátha an bhróin braite aici.

“Is mór an chabhair thú timpeall an tí” a dúirt sí gan fiú is haló a rá. “Éist, tá níos mó foghlamtha agat faoin saol le déanaí ná mar a d’fhoghlaim tú ón lá a tháinig tú ar an saol.”

Bhí Róisín ag foghlaim modhanna cócaireachta, oideas bácála, ábhair chniotála agus a thuilleadh scileanna nach iad.

Ní raibh na leabhair ag clúdach gach cúinne den bhord san oíche a thuilleadh ach mhínigh a máthair gur fiúntaí ar fad na scileanna nua di ina saol.

Bhí Róisín fásta suas in cailín óg dá bharr. Is uirthi a thit roinnt cúramaí tí mar go raibh post an-tábhachtach ag a tuismitheoirí, ag cosaint a n-othar ón Víreas gránna seo san ospidéal.

Thuig sí go maith go raibh freagrachtaí nua aici sa chlann agus bhí sí diongbháilte a cuid dualgas a chomhlíonadh.

D’fhill Róisín ar fhocail a máthar ina haigne féin an oíche sin. In san machnamh di d’admhaigh sí gur uaigní a bhí a saol na laethanta seo gan comhluadar a carad, scéalta grinn a múinteora agus ceachtanna spreagúla ón scoil.

Buailfidh Róisín agus a cairde le chéile nuair a bheidh sé sábháilte len é a dhéanamh. Cé nach n-aithneoidh cuid acu é ach an uair seo, beidh ceachtanna luachmhara an tsaoil foghlamtha acu agus is mó scéalta a bheidh le heachtra chomh maith.

Is am dúshlánach é seo do pháistí ar fud an tíre. Tugann an sos gan choinne ón scoil deis luachmhar dóibh forbairt phearsanta a dhéanamh ar aistear an tsaoil.