Is minic a tharlaíonn ócáidí speisialta don teaghlach gan coinne chomh maith leis na hócáidí pleanáilte sin. Is maith le tuismitheoirí taifeada fháil den spraoi agus pléasúr abhaineann paistí as na hócáidí seo. Déantar iarracht an t-iontas agus an sásacht a n-aghaidheanna a ghabháil le grianghrafanna. Seo roinnt leideanna le go mbeidh an grianghraf is fearr agat.
An Grianghraf Nadúrtha
Is féidir leis an ghriangraf nadúrtha bheith níos suimiúla ná griangraf ar bith. Lig don teaghlach dul i mbun imeachtaí an lae, ag caint , ag déanamh obair an tí, ag súgradh nó ag leigeann an scíth.
Le griangraf maith nadúrtha a fháil, ní mór an ceamara bheith réidh agat i rith an ama mar ní fios cén uair a thiocfadh an deis le spraoi an lae a ghabháil leis an lionsa.
Déan cinnte go nglacfaidh cuid mór grianghraf. Is iomaí uair a ghlacann grianghrafadóir proifisiúnta céad grianghraf agus gan ach dhá cinn maith a fháil mar thoradh ar a saothar.
An Griangraf Deasaithe
Más é go mbíonn luach leis an ghriangaf nadúrtha, tá a áit féin ag an cheann deasaithe don cheamara. Más grianghraf den teaghlach iomlán atá á ghlacadh agat, glac am le gach duine a eagrú.
Más amuigh atá tú agus tú ag iarraidh rud éigin sa chúlra, bíodh an rud sin, foirgneamh nó ealaíon poiblí, píosa taobh thiar den teaghlach.
Iarr orthu seasamh i gcorrán seachas líne díreach. Is féidir le duine nó dhó dul ar a nglúine chun cinn.
Déan cinnte go bhfuil siad ina seasamh nó ina suí le chéile is nach spásanna eadarthu.
Más istigh a bheidh an ghrianghraf a ghlacadh, thiocfadh le duine éigin suí chun cinn.
Déan cinnte go bhfuil na daoine is mó taoth thiar agus ná déan dearmad iarraidh orthu mionghaire a dhéanamh.
Leibhéal na Súile
Ma tá ag glacadh griangraf de pháistí is fiú bheith thíos ag leibhéal súile s’acu féin. Is amhlaidh a bheith cuma níos nadúrtha ar an ghrianghraf.
Bí cóngarach
Bíonn nós ag daoine seasamh siar nuair a bhíonn siad ag glacadh griangraf ach bíonn sé níos fearr má thagann tú níos cóngaraí. Líon lorgán an radhairc leis an phictiúr atá tú ag iarraidh a ghlacadh.
Má dhéanann tú do ghriangraf a fhrámaíl sa dóigh seo, beidh níos mó éifeacht leis.
Is féidir zúmáil isteach nó amach leis an lionsa ach bíonn caighdeán an ghriangraif níos fearr más féidir leat seasamh san áit ceart gan bheith ag brath ar an zúm.
Tabhair aird ar an solas
Más é taobh amuigh a bheidh tú ag glacadh an ghriangraif, bí airdeallach ar an áit a bhfuil an ghrian agus na scáileanna a chruthóidh sé sa ghriangraf.
Faightear grianghraf níos fearr go luath sa mhaidin nó go mall sa lá nuair a bhíonn solas na gréine níos seimhe.
Más taobh istigh atá tú, bí cúramach nach bhfuil an solas ag tuaradh aghaidheanna na ndaoine. Roghnaigh áit don ghrianghraf nach bhfuil an solas ag lonrú ar súile daoine.
Bí airdeallach ar an chúlra
Bí cúramach nach mbíonn rómhóran ar siúl sa chúlra. Má tá an t-urlár míshlachtmhar nó rudaí ina luí ar mhullach a chéile gan ord ná eagar, bainfidh an phraiseach aird ón sásamh sna haghaidheanna.
Chomh maith leis sin, bí cúramach nach bhfuil aeróga nó rudaí eile ag gobadh amach ar chúl cinn na ndaoine sa ghrianghraf.
Bí ag smaoineamh chun cinn ar dhathana sa chúlra agus déan cinnte nach dtagann siad salach ar na héadaí atá ábhar an ghrianghraif ag caitheamh.
Pleanáil:
Ar ndóigh, in amanna bíonn an cúlra mar chuid de scéal an ghrianghraif. Mar shampla, más é an chead uair a bhfuil do leanbh ag súgradh sna seachta, is fiú fear sneachta nó rud eigin eile ábhartha bheith sa ghrianghraf.
Is féidir le crann Nollag sa chúlra griangraf a dhéanamh níos suimiúla.