Má bhuaileann tú mo mhadra

 Scéal gairid le Liam de Lása

Rugadh agus tógadh Liam atá 10 mbliana d’aois anois ar oileán Uí Mháirtín. Oileán álainn ab ea é suite cúpla míle siar ó chósta Phort Láirge.

Thagadh na mílte cuairteoirí le linn an tsamhraidh agus bhíodar ar fad fé gheasa ag draíocht an oileáin bhig.

Mhair sé gan smál ó láimh an chine dhaonna agus ba ea an nádúr féin a rialaigh an áit. Nuair a bhí an aimsir trócaireach orthu ba gheall le bheith ar Neamh a bheith ina chónaí ann.

Ní raibh mórán comhluadair aige ar ndóigh ach b’in an t-aon tuiscint a bhí aige ar an saol. Ba dheacair san i lár an gheimhridh mar bhíodh sé fiáin ó am go ham.

Bhí cara dílis amháin aige áfach. Tháinig Sam an madra chun cónaithe leo sa tigh nuair nach raibh sé ach ag lámhacán timpeall an tí. Ba choileán é Sam ag an uair sin agus b’amhlaidh gur fhás an bheirt charad aníos le cois a chéile ó shin.

Lá séimh, neamhlonrach amháin, bhí Liam ag tiargáil le dul ar ais ar scoil agus theastaigh lá fén dtor eile aige amuigh faoin aer sula dtiocfadh deireadh leis an samhradh.

Shín a theach amach ag féachaint anuas go húdarásach ar an trá fhada mar a thugtaí air. D’oscail sé na cuirtíní ar an maidin úd agus thug sé faoi deara naomhóg bheag bhídeach ag snámh ar a suaimhneas ar bharr na farraige.

Ní raibh ach mian amháin ina chroí ón lá a saolaíodh é, is é sin chun go gcaithfeadh sé a shaol ar an bhfarraige.

Thug sé fogha síos an staighre ar an toirt, gach dara coiscéim aige ag bualadh na gcéimeanna go dtí an bun.

“Cá bhfuil do thriail inniu?” a d’fhiafraigh a mháthair dó nuair a d’aithin sí an fuadar faoina chosa. “Síos go dtí an trá” a d’fhreagair sé go deiliúsach, “teastaíonn uaim na hiascairí a fheiscint ag teacht i dtír níos déanaí ar maidin”.

Ní mar sin a bhí i gceist aige an lá a chaitheamh ar ndóigh. Chomh luath is a bhí a bholg lán aige, d’fhág sé slán lena mháthair agus dhein sé a shlí síos i dtreo na trá. 

Bhí gach pocléim aige an chonair síos trí na sceacha fiáine ar an dá thaobh go dtí gur bhain sé béal na trá báine amach. Bhí an trá thar a bheith ciúin agus bhí cuma shocair ar an bhfarraige.

Cé go raibh Liam an-óg fós, bhí sé an-eolach ar chúrsaí farraige. Chloisfeadh sé a sheanmhuintir ach go háirithe ag insint scéalta faoin uisce. Bhí cuid acu scanraithe roimh an bhfarraige agus bhídís de shíor ag seanmóireacht faoin gcontúirt a bhain léi.

Mhair na rabhaidh ar chúl a chinn ach, fuair an fhiosracht an ceann is fearr air an uair seo. Chrom sé síos d’fhonn is a chorp a chur i bhfolach agus chuaigh sé sall go dtí an naomhóg a bhí sé ag féachaint uirthi níos luaithe an mhaidin sin.

“Cén dochar dá suífinn isteach ann?” a dúirt sé leis féin.

Shín sé a dhá láimh amach, rug sé ar bharr na naomhóige agus bhrúigh sé a chorp aníos go dtí nach raibh a chosa ar an talamh a thuilleadh. D’éirigh leis a chos dheas a chur ar chlaspa miotail agus a chorp a thógaint anuas ar an imeall.

Díreach agus é ag ardú a chos chlé le léim isteach sa bhád, chuaigh a chos i bhfostú i strapa rópa a bhí ar liobarna anuas ar an taobh.

Chas sé a rúitín agus tarraingíodh anuas é ar thaobh an bháid.

Bhuail a chos an t-uisce síos fé bhun an bháid agus thit sé isteach i lochán uisce ag bualadh na cloiche lena láimh ar an mbealach anuas.

Chuaigh an phian go dtí a chroí agus bhí sé greamaithe fós leis an rópa gan aon dul aige é féin a scaoileadh saor.

Chuala sé glug glag an uisce taobh thiar dó agus torann na lapaí ag cur tonnta san aer leis. Léim Sam isteach ar a chos cheangailte agus thug sé stracadh mór téagartha don rópa.

Scaoil sé an rópa agus tharraing sé ar bhás agus ar dhícheall amach as an uisce é. D’aithin Liam an grá agus an gean i súile a charad. Rug sé barróg mhór ghroí isteach air agus ghabh sé buíochas leis.

Nuair a chaitear go maith leis an gcara is dílse dá bhfuil againn caithfidh an madra go maith linne.

Tá grá gan choinníoll acu dúinn agus ní mór dúinn an grá céanna a thaispeáint dóibh i gcónaí. Ní thréigfidh an madra sinn go brách.