Scéal gairid le Liam de Lása

Sheas Máirtín Ó Broin os comhair an bhreithimh ag fanacht go heaglach ar a chinniúint. An chúis  a bhí á cur ina leith gur ghoid sé sútha talúin ó Rí na dúiche.

Deineadh cur síos ar dtús ar dhiabhlaíocht an fhir níos luaithe an tseachtain sin. Ba chosúil gur bhris sé isteach déanach oíche Dé Luain i ngairdín an Rí agus bhain sé a raibh de thorthaí ón talamh.

Ghabh na póilíní é sula raibh deis aige éalú thar cloí amach. Bhí a fhios láithreach aige go raibh a phort seinnte.

Deineadh cur síos ar choir Mháirtín nuair a sheas an príomhfhinné in airde ar an ardán.

Thug sé caimiléir lofa ar an Uasal Ó Broin, fear a raibh an mhímhacántacht go smior ann agus cháin sé an easpa measa a léirigh sé ar an Rí.

D’fhan an breitheamh go mífhoighneach go dtí deireadh na ráiteas. Chuir sé ceist arís air an raibh aon rud le rá aige?

D’oscail sé a bhéal ach níor tháinig oiread is siolla amach as. Léirigh an breitheamh a mhíshástacht le Máirtín agus dúirt sé gur tharraing sé drochcháil air féin agus ar a mhuintir sular ghearr sé ocht mí de dhianobair ar Mháirtín bocht.

Shil sruthán deor óna chuid súl nuair a d’imigh na focail as béal an bhreithimh. Tógadh an fear croíbhriste ón gcúirt amach an doras chun leithscéal a ghabháil leis an ardrí. In ainneoin na dtuairiscí, b’fhear lách agus tuisceanach é an t-ardrí ag an am.

“Seo é an bligeard gan mhaith a ghoid ó thalamh an ardrí” arsa an Garda a bhí á thionlacan.

D’ordaigh an Rí an bheirt Gharda amach agus thairg sé suíochán do Mháirtín. Níor iarr sé air é féin a mhíniú mar theastaigh ón rí blaiseadh a fháil ar shaol an fhir bhoicht.

Mar sin, lig sé dó cur síos a dhéanamh ar an lá úd. Chuimil sé barr a éadain agus dhein sé iontas de gur chuir ardrí na dúiche suim ina shaol. Thug a aigne siar é ansin go dtí eachtraí an lae chinniúnaigh agus tosaigh sé ag insint a scéil don Rí.

Bhí teas doshamhlaithe an tsamhraidh buailte le Tír na mBocht thíos fé bhun an mheánchiorcail. Bhí an scéal imithe chun donais i mbliana toisc nár tháinig braon báistí ón spéir ó lá Fhéile Bríde ar aghaidh.

Bhraith muintir Bhaile na dTreabh go mór ar an nádúr chun a mbia féin a sholáthar. Rís agus grán buí den chuid is mó a bhíonn á fás acu chun beatha a thabhairt dóibh féin.

Bíonn an t-ocras go holc de ghnáth ach ba sheacht n-uaire níos measa a bhí sé i mbliana de dheasca an triomaigh uafásaigh a bhuail an tír le trí mhí anuas.

Ba thruamhéalach an feic iad muintir na tíre bige ag déanamh a mbealaigh soir an bóthar ar thóir uisce. Ghabhaidís an tslí chéanna 10 míle trasna na leithinse gach aon lá beo.

Ní raibh an dara rogha acu, bhíodar ar an ngannchuid agus bheadh ocras ar na páistí gan an turas laethúil a chinntigh go mbeadh greim ina mbolg go luath. Shiúil Máirtín chun tosaigh ar an dream ar fad. Fear meánaosta a raibh triúir sa chlann aige.

Cé go raibh an triúr acu lagbhríoch ón ocras, bhí Seán an té ab óige, i mbaol báis. Bhí rás in aghaidh an chloig aige chun bia agus uisce a thabhairt abhaile leis an tráthnóna sin.

Shroicheadar a gceann scríbe cúpla nóiméad roimh a naoi a chlog istoíche. Níl aon insint ar cé chomh lag is a bhraith sé.

Murach a pháistí a bheith ar intinn aige, bheadh an cath géillte aige ar an bpointe.

Ní raibh de rogha aige géilleadh don bpian, don mbreoiteacht agus don ocras, mar a thuig sé féin, do bhí a chlann ag brath air.

Bhí na sluaite brúite bascaithe isteach sa ghort lena chéile, bhrúdar chun cinn i dtreo na leoraithe bídh ach ní raibh aon mhaitheas ag teacht as.

Tharraing an Rí trasna a scéil díreach ag an nóiméad sin. “Tá go leor ráite agat” arsa an rí

“Bíodh cead do chinn agat as seo amach a bhfuil ag fás i mo ghairdín a thabhairt leat agus ná lig do do pháistí luí ar bholg folamh riamh arís” a dúirt sé. Leis sin thug sé ordú don nGarda a scaoileadh saor.

Bíonn dhá insint ar gach scéal is dócha.