Is féidir le páistí sa chlann chéanna dul in adharca a chéile ar na cúiseanna is amaidí.
B’fhéidir gur cuid d’fhás aníos atá ann. Is cuma gur fíor nó nach fíor sin, bíonn gá le hidirghabháil ó thuismitheoirí in amanna agus tá foghlaim faoi chonas plé le heasaontas ina chuid d’fhorbairt an duine.
Seo roinnt leideanna do thuismitheoirí a chuideoidh le heasaontas idir páistí a mhaoirsiú:
Plé agus réitithe
Tuigeann an páiste is óige cad is cothrom na Féinne ann. Moltar do thuismitheoirí bheith ag caint le páistí faoi throideanna agus bealaí eile le fadhbanna a réiteach.
Leag amach rialacha a léiríonn cad is féidir agus cad nach féidir a dhéanamh. Is féidir ionchur a thabhairt do na páistí leis na rialacha a aontú.
Mar shampla, bíodh cosc iomlán ar screadadh, caoineadh agus bualadh. Iarr ar na páistí a theacht aníos le smaointe chun drochiompar mar sin a sheachaint agus lig dóibh iad a thriail.
Mol an óige
Tabhair ardmholadh nuair a dhéanann paistí rud cineálta, dearfach nó cuiditheach.
Tuigfidh páistí go gasta go mbíonn toradh ar iompar maith, toradh nach bhfuil le fáil ó dhrochiompar.
Tabhair sampla maith
Níl aon mhaith bheith ag dúil nach ndéanfaidh páistí troid má fheiceann siad daoine fásta ag dul dó. Caithfidh tuismitheoirí sampla maith a thabhairt conas comhoibriú a dhéanamh agus conas maireachtáil le daoine eile.
Bí seimh agus tú faoi bhrú
Tugann páistí iompar daoine fásta faoi deara nuair a bhíonn na daoine fásta sin faoi bhrú nó nuair atá siad gonta. Tugann siad faoi deara má léiríonn an tuismitheoir féin smacht.
Is fiú do thuismitheoirí labhairt le páistí faoi rudaí a chur isteach orthu féin agus faoi na céimeanna a ghlac siad le féinsmacht a choinneáil.
Ná náirigh
Má bhíonn tuismitheoirí ag tabhairt amach go feargach don pháiste os comhar páistí eile is féidir leis an droch iompar dul in olcas.
Ná tabhair aird
Ní bhíonn doimhne sa chuid is mó den easaontas a bhíonn idir páistí. Is féidir le hidirghabháil róluath ó dhuine fásta moill a chur ar na páistí féin ag teacht ar an réiteach is fearr dóibh féin.
Tuigtear go mbíonn roinnt páistí ag argóint ar mhaithe le haird a tharraingt orthu féin. Muna fhaightear an aird sin, tuigfidh siad nach fiú dul i mbun troda.
Is ionann gach duine
Níos minice ná a chéile ní bhaintear aon rud amach má dhéanann tuismitheoir fiosrúchán ar cé a dúirt nó cé a rinne cad é. Ná bíodh buaiteoir agus caillteoir ann.
Má tharlaíonn eachtra drochiompair, moltar labhairt leis an pháiste níos moille faoi cad a tharla agus deis a thabhairt dó mothúcháin a léiriú agus a phlé.
Níos lú deiseanna troda
Má tharlaíonn deacrachtaí leanúnacha iompair, déan machnamh ar cad is cúis leo agus déan gach rud gur féidir le bac a chur ar na cúiseanna sin.
Is gá do pháistí a thuiscint go bhfuil grá ag a dtuismitheoirí dóibh uilig ar chomh mhéid agus go mbíonn an t-áthas is mó ar thuismitheoirí nuair a bhíonn siad, na páistí, maith.
In amanna ní gá ach croí isteach.