Tá Peig 23 bliain d’aois agus tógadh í le Gaeilge i mBaile Átha Cliath. “Deir mo mham go raibh an Ghaeilge agam ar dtús agus gur tháinig an Béarla isteach ina dhiaidh sin”.
Labhraíonn Peig le Sinéad Ní Uallacháin faoina tógáil trí Ghaeilge, imeachtaí teaghlaigh le Glór na nGael agus an spéis atá aici dul ag obair san Aontas Eorpach ag déanamh aistriúchán nó san ateangaireacht.