Is néareolaí cognaíoch é Thomas Bak agus is taighdeoir é in Ollscoil Dhún Éideann in Albain. Sa phodchraoladh seo labhraíonn sé le Sinéad Ní Uallacháin faoi a chuid oibre ar thionchar an dátheangachais ar fheidhmeanna cognaíocha, ar an dátheangachas agus ar fheidhm chognaíocha ar feadh an tsaoil, staidéar tras-theangeolaíochta ar an afáise, agus an gaol idir teanga, cognaíocht agus cultúr i ngalar meathlúcháin na néaróga inchinne.