Tar éis 13 bliain a chaitheamh i Sasana bhog Cabríní de Barra lena fear céile agus a beirt pháistí óga go dtí na Déise. Tógadh na páistí go dátheangach agus bhí blas ‘Yorkshire’ ar Ghaeilge a hiníon Aoife ar feadh roinnt blianta ach “bhí blas Dhún Garbhán ag Caoilte in imeacht coicíse!”
Labhraíonn Cabríní le Sinéad Ní Uallacháin faoi thógáil clainne le Gaeilge agus a cuid oibre le Glór na nGael ag tacú le teaghlaigh atá ag tógáil a bpáistí le Gaeilge.