Gugalaí Gug
Rannta Traidisiúnta Gaeilge. Tá an dlúthdhiosca ar fáil ó Futa Fata.
Is féidir éisteacht leis an albam ar Spotify.com
Ceol na Mara
Amhráin spraíúla do pháistí ar théama na farraige atá anseo, le Tadhg Mac Dhonnagáin agus amhránaithe óga ó Scoil Sailearna i gCo. na Gaillimhe. Ar fáil ó Cló Iar-Chonnacht nó éist leis ar Spotify.com
Rannta – Hup, hup a Chapaillín
Seo dlúthdhiosca atá ar fáil ón Siopa Gaeilge.
Sicín Mise Go Sona Sásta
Seo amhráin agus rannta don aos óg a foilsíodh sa bhliain 2014 agus atá ar fáil ó Oidhreacht Chorca Dhuibhne.
Ardaigh an Laiste
Amhráin agus Rannta don Aos Óg atá anso agus iad a rá ag Bernie Pháid Ní Mhuircheartaigh agus ag Páidí Mhárthain Mac Gearailt ó Chorca Dhuibhne, Co. Chiarraí. Ar fáil ó Oidhreacht Chorca Dhuibhne
Bróga Nua
Seo cúpla leabhar álainn le dlúthdhioscaí le rannta agus amhráin atá ar fáil ó tríd na nascanna thíos:
- Bróga Nua 1, Dlúthdhiosca & Leabhar. 100 rannta & amhráin.
- Bróga Nua 2, Dlúthdhiosca & Leabhar. 100 rannta & amhráin eile!
Maidin sa Naíonra
Tá an dlúthdhiosca seo ar fáil ó www.udar.ie.
Picnic Teidí
Amhráin nua agus rannta spraíúla do pháistí cumtha ag Sadhbh Rosenstock. Tá an dlúthdhiosca ar fáil anseo ó Gael Linn