An Taoide
Is láthair ollmhór súgartha é an trá ach is féidir leis athrú go gasta má tá an taoide ag líonadh. Tarlaíonn sé go minic go mbíonn daoine timpeallaithe le huisce agus iad i bponc ar oitir ghainimh nó ar carraigeacha.
Tonnta
Bíonn spraoi ag páistí sna tonnta ach tá a dainseár féin ag baint leo agus bíonn orainn bheith cúramach leo.
Suaite uisce
Is féidir le huisce fuar cur isteach ar do chuid análaú.
Bréagáin Inseidte
Baineann páistí an spraoi go deo as bréagáin inséidte. Cuimhnímis go ndéantar na bréagáin seo don linn snámha agus nach bhfuil siad oiriúnach don fharraige oscailte, áit gurbh fhéidir leis an ghaoth nó an taoide iad a sciobadh ar shiúl. Más é go bhfuil se ar intinn úsáid a bhaint astu ag an trá:
- Déan cinnte go ndéantar maoirsiú ar pháistí.
- Coinnigh iad in aice leis an gcladach.
- Ná bain úsáid as bréagáin inséidte ach idir na bratacha dearg is buí.
- Lean comhairle an garda tarrthála.
- Ná bain úsáid astu ar thonnta móra.
- Má tharlaíonn deacrachtaí agat, fan leis an bréagán inseidte. Coinneoidh sé thú os cionn an uisce.
Tonnmharcaíocht Choirp
Baineann an teaglach iomlán spraoi as tonnmharcaíocht choirp ach is spraoi é a bhfuil a dhúshlán sábhála féin leis.
Ceangail iall an tonnchláir choirp le do chos. Má tá an sruth do do thabhairt amach, fan leis an tonnchlár. Coinneodh sé thú os cionn an uisce agus beidh sé níos fusa do dhaoine thú a fheiceáil agus teacht chun cabhrú leat.
Cuidiú
Má tá tú i dtrioblóid san uisce agus cuidiú á lorg agat, is é an comhartha aitheanta go hidirnáisiúnta ná lámh amháin a chroitheadh chomh hard agus is féidir.
Páiste ar Iarraidh
Bíonn páistí níos sábháiltí nuair a bhíonn maoirsiú á dhéanamh orthu.
A luaithe agus a bhaineann sibh an trá amach, labhair leis na páistí chun go mbeidh gach duine soiléir faoi láthair cruinnithe ar eagla go scarfar óna chéile sibh.
Má chailltear páiste scrúdaigh do thimpeallacht ar dtús agus déan cinnte go bhfuil maoirseacht á déanamh ar páistí eile atá leat.
Téigh i dteagmháil leis an gharda tarrthála agus / nó na Gardaí Síochána.
Nuair a fhaightear an páiste arís, déan cinnte go gcuirtear na cuardaitheoirí uile ar an eolas.