Sábháilteacht ag an Trá Cuid I

June 19, 2019

Is gá meas a léiriú ar an trá agus ar an uisce.

Bíonn ranganna snámha in achan linn snámha i rith na bliana agus ranganna sábháilt san uicse ag go leor áiteanna cois farraige sa samhradh aguS is fiú a chinntiú go bhfoghlaimeoidh do chuid páistí an scil seo chomh luath agus is féidir.

Sula dtéann tú agus do theaghlach isteach san uisce ag trá ar bith, déan machnamh ar do chumas féin agus an timpeallacht ina bhfuil sé i gceist agat snámh.

Moltar snámh a dhéanamh ar na tránna sin a bhíonn garda tarrthála ar dhualgas ann. Is féidir fiosrú a dheanamh ag www.iws.ie.

Is fiú na rudaí seo a leanas a chuimhneamh agus a theagasc do dhaoine óga. Is teachtaireachtaí iad a thabharfaidh siad leo agus iad fás aníos agus thiocfadh dó go sábhálfadh siad beatha an duine:

1) Déan cinnte go bhfuil seaicéid tarrthála ar páistí nach bhfuil snámh acu.

2) Tabhair aird ar pháistí.

3) Ná bí ag snámh as do dhoimhneacht.

4) Má tá tú ag trá nach bhfuil tú eolach air agus nach bhfuil garda tarrthála i láthair, moltar labhairt le muintir na háite le comhairle a fháil maidir le snámh.

5) Is sruthanna láidir iad cuilitheála ina bhfuil sruth an uisce ag imeacht amach chun na farraige oscailte. Má tá sruth cuilitheála ann ná gabh isteach ann. Is féidir leo thú a sciobadh ó do dhoimhneacht go gasta.

Má fheiceann tú duine i dtroiblóid san uisce:

  • Ná gabh isteach san uisce chun cuidiú leo. Is minic a chailltear a té a théann chun cabhrú muna bhfuil traenáil acu ar an dóigh a dhéantar sin
  • Caith baoi tarrthála chucu.
  • Glaoigh orthu lena spreagadh teacht isteach.
  • Sín slat nó rud éigin fada ina threo lena tharraingt i dtreo na talún.
  • Cuir glao ar an gharda cósta.

Tá comharthaí cois chósta fud fad na hÉireann ag tabhairt comhairle faoi dhainséir áitiúla san uicse. Tabhair aird ar na comharthaí seo.

Bíonn bratacha ar roinnt tránna eile. Tugann an brat buí agus dearg le fios go bhfuil garda tarrthála ar dhualgas. Bíonn sé slán le húsáid a bhaint as tonnchláir coirp agus bréagáin inséidte sa láthair seo.

Ciallaíonn an brat dearg go bhfuil baol ann. Ná gabh isteach san uisce ar ceann de na tránna seo in am ar bith.

Categories: Sábháilteacht

More Lifehack Videos