Leideanna do pháistí maidir le sábáilteacht bhóthair
Ba chóir comhrá a dhéanamh le páistí faoi shábháilteacht bhóthair fiú sula bhfuil an aois sin bainte amach nuair a bheidh siad ag trasnú an bhóthair gan duine fásta leo. Tóg iad amach ag siúl agus bí ag caint faoin scéal mar chuid de chomhrá nadúrtha. Seo an sé phointí gur gá cur ina luí orthu:
- Faigh áit slán le trasnú.
- Ná bí faoi dheifir. Stad agus fan.
- Amharc thart agus éist sula dtrasnaíonn tú.
- Lig don tracht ar fad imeacht.
- Muna bhfuil feithicil ag teacht, siúl díreach trasna.
- Coinnigh leat ag amharc agus tú ag dul trasna an bhóthair.