Teachtaireachtaí faoi bhia gur chóir a roinnt le páistí ag fás aníos

Sábháilteacht le bia

Muna ndéantar bia a ullmhú i gceart bíonn baol ann ó nimhiú. Seo leideanna le tú féin agus do theaghlach a choinneáil slán.

Ag an siopa

Tosaíonn sábháilteacht le bia ag an siopadóireacht.

  • Bí airdeallach faoin dáta úsáide agus an dáta díolta a bhíonn ar lipéad pacáiste an bhia.
  • Ná ceannaigh feoil ar a bhfuil damáiste déanta ar an bpacáistiú.
  • Ná ceannaigh cannaí a bhfuil damáiste déanta orthu.

Stóráil bia

Ba chóir bia cuisnithe a chur sa chuisneoir nó reoiteoir taobh istigh de dhá uair a chloig óna ceannaíodh é.

Ba chóir an teocht sa chuisneoir a choinneáil faoi 4.4 celcius agus an reoiteoir faoi náid celcius.

Déan cinnte go bhfuil feoil clúdaithe i gceart ag bun an chuisneora le nach gcuirfidh sé isteach ar bianna eile.

Feoil

Má baintear úsáid as feoil ón reoiteoir tá sé tábhachtach ligean dó leá i gceart sula ndéanfaí é a ullmhú don dinnéar.

Tá sé tábhachtach nach ligtear do thrasthruailliú tarlú idir feoil, sicín, iasc ná glasraí. Coinnigh óna chéile iad.

Bain úsáid as cláracha gearrtha difirúla do na cineálacha difriúla bia.

Díghalraigh barranna oibre tar éis don bhia bheith ullmhaithe.

Glan do lámha tar éis duit feoil a láimhseáil.

Ná cuir bia cócaráilte ar mias a raibh bia amh air.

Cócaireacht le hola

Má tá bia á ullmhú le hola, déan é a théamh go mall le nach mbeidh an t-ola ag léimní amach ón soitheach cócaireachta.

Cuir bia isteach sa bhfriochtán go mall le nach doirtfidh ola te amach.

Coinnigh súil ar bhia atá á théamh agus bain úsáid as aláram le cur i gcuimhne duit féin an teas a mhúchadh.

Lig don sáspán nó friochtán fuarú sula nglanfar iad. Má chuirtear uisce orthu róluath beidh an t-ola te á spré thart.