Bíonn spraoi ag páistí sa chistin agus baineann siad sult as cócáireacht

Is í an chistin an seomra is mó timpistí sa bhaile. Ar ndóigh, má ghlacaimid ná céimeanna cuí le sábháilteacht a chinntiú ní gá di bheith ina áit dhainséarach.

Má thuigtear ná bagairtí inti, is lú seans go dtarlóidh taisme ná go bhfulaingeodh éinne le nimhiú bia ná gortú.

Agus is é an teachtaireacht is simplí ná do lámha a ghlanadh sula dtosaíonn tú ag ullmhú bia.

Páistí sa chistin

Baineann daoine fásta agus páistí sult as a bheith ag obair sa chistin le chéile.

Is nuair atá siad óg is fearr a thosú á dteagasc faoi shábháilteacht sa chistin.

Ba chóir na rudaí seo a leanas a chuimhniú:

Má tá gruaig fhada ar an pháiste, ba chóir í a cheangal siar.

Mínigh an tábhacht a bhaineann le lámha glana.

Déan cinnte nach bhfuil aon photaí ag gobadh amach ón sorn.

Ná lig do pháistí beaga úsáid a bhaint as gléasanna dainseáracha cosúil le cumascoirí bia nó lanna.

Nuair a éiríonn páistí níos mó ba chóir an dóigh cheart le husáid a bhaint as uirlisí a theagasc dóibh.

Sceana

Bí cúramach le sceana

  • Déan cinnte nach féidir le haon rud d’fhócas a bhaint ón scian agus tú ag obair le scian.
  • Déan cinnte go bhfuil lann ghéar ar an scian le nach mbeidh ort rómhórán brú a úsáid nuair a bhíonn tú ag gearradh rudaí.
  • Bíonn sé cuidiúil má ghearrtar taobh amháin de rudaí ar dtús le go mbeidh an earra ina luí go cothrom agus socair leis an ghearradh a chríochnú.

Más gá duit rudaí te a thógáil, déan cinnte go bhfuil greim daingean agat air agus lámhainní agat le do lámha a chosaint.

Tinte sa chistin

Bí ullmhaithe ar eagla go dtarlódh tine.

Má théann gléas leictreonach cosúil le sorn nó micreathonnán trí thine, múch an leictreachas agus bain an plocóid amach.

Is féidir sóid aráin a chaitheamh ar na lasracha chun iad a mhúchadh.

Ná bain úsáid as uisce le tine a mhuchadh ar an sorn. Thiocfadh dó an tine a dhéanamh níos measa.

Ba chóir pluid tine agus múchóir beag tine a choinneáil sa chistin. Ach ná dean iarracht úsáid a bhaint astu muna bhfuil traenáil déanta agat ar á n-úsáid.

Cleachtas glantóireachta

Ní ann do shábháilteacht sa chistin salach!

Glan barranna oibre le huisce sobalach díreach ina dhiaidh duit úsáid a bhaint astu.

Más é gur feoil nó uibheacha a bhí á ngearradh agat, ba chóir barranna nó boird ghearrtha a ghlanadh le tuarthóir lag agus uisce.

Is féidir le go leor frídíní maireachtáil sa tais a bhíonn timpeall an doirtil.

Déan cinnte go nglantar timpeall an doirtil go minic agus go ndéantar é a throimiú le héadach.

Déan cinnte go mbíonn uirlisí cócaireachta glan agus ná bain úsáid as an uirlis chéanna d’fheoil amh agus neamh-chócáilte

Maireann frídíní i spúinsí agus i gceirteanna. Is gá iad a ghlanadh in uisce te ar bhonn rialta nó le tuarthóir.

Beidh tuilleadh faoi shábháilteacht sa chistin sin alt II den sraith seo.